Skip to main content

Tá Indreabhán réidh chun tairbhe a bhaint as oibreacha athsholáthair príomhphíobán Uisce

Agus é ag obair i gcomhpháirt le Comhairle Contae na Gaillimhe, tá níos mó ná 1.3km de sheanphíobáin uisce á n-athsholáthar i mBaile na mBrobhach, Indreabhán. Tá píobáin chomhaimseartha nua á gcur in áit na seanphíobán uisce a bhí tugtha do phléascadh agus do sceitheadh go minic. Nuair a bheidh siad críochnaithe, cuirfear soláthar uisce níos iontaofa ar fáil leis na hoibreacha, agus laghdófar leibhéil an sceite. 

Beidh an chuid de na hoibreacha ar siúl feadh an L52030 i gCoill Rua Thiar. Áireofar leis na hoibreacha freisin naisc seirbhíse uisce nua a leagan síos ón bpríomhlíonra poiblí sa bhóthar chuig teorainneacha réadmhaoin na gcustaiméirí agus é a nascadh le soláthar uisce na gcustaiméirí. Táthar ag socrú tús a chur leis na hoibreacha i do cheantar sna laethanta amach romhainn agus tá sé sceidealta go mbeidh siad críochnaithe faoi Q2 2024. 

Nuair a chuirfear i gcrích iad, bainfidh custaiméirí sa cheantar seo sásamh as soláthar uisce feabhsaithe a mbeidh cur isteach níos lú ag baint leis. Tá Farrans Construction faoi chonradh chun an obair a dhéanamh thar ceann Uisce Éireann. 

Agus é ag labhairt faoin tionscadal, dúirt Enda Mac Namara ó Uisce Éireann "Chun cur i gcrích sábháilte an tionscadail a éascú agus chun an tionchar ar an bpobal a íoslaghdú, beidh limistéir na hoibre teoranta do chodanna beaga. Beidh bainistíocht tráchta i bhfeidhm ag an am sin. Coinneofar an rochtain áitiúil agus éigeandála i gcónaí. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil roimh ré le custaiméirí as a gcomhoibriú agus as a gcuid foighne agus na hoibreacha sin á gcur i gcrích againn."

Dúirt Enda ansin "Tá an obair bhunriachtanach seo ina cuid d'infheistíocht shuntasach ag Uisce Éireann chun feabhas a chur ar an líonra uisce ar fud na tíre, agus tús áite á thabhairt d'infheistíocht sna háiteanna ina bhfuil an gá is mó léi agus pobail á gcumasú chun dul ó neart go neart." 

Is sampla amháin an tionscadal sin den dóigh a bhfuil obair á déanamh ag Uisce Éireann i gcomhpháirt le Comhairle Contae na Gaillimhe chun sceitheadh a laghdú gach lá. D'fhéadfadh deisiú sceite a bheith casta. Tá níos mó ná 63,000 km de phíobáin uisce faoi thalamh againn in Éirinn - píobáin go leor chun dul thart ar an domhan aon uair go leith. Ní féidir formhór na dteagmhas de sceitheadh a fheiceáil, rud a fhágann go mbíonn uisce luachmhar á chailleadh, ach tá dul chun cinn á dhéanamh againn. Sa bhliain 2018, ba é 46% an ráta sceite náisiúnta, agus faoi dheireadh 2022 bhí sé íslithe go dtí 37%. Táimid ag súil go n-éireoidh linn ráta sceite náisiúnta de 25% a bhaint amach faoi dheireadh na bliana 2030.

D'fhéadfadh roinnt bristeacha sa soláthar uisce a bheith ann le haghaidh tréimhsí gairide agus cinnteoidh an fhoireann tionscadail go dtabharfar fógra 48 n-uair a chloig ar a laghad do chustaiméirí roimh aon bhristeacha sa soláthar uisce atá beartaithe. Tuigimid go bhféadfadh an cineál oibre seo a bheith míchaoithiúil agus déanfaidh na buíonta oibre a seacht ndícheall chun aon chur isteach a íoslaghdú.

Is féidir le custaiméirí glaoch a chur ar Uisce Éireann ar 1800 278 278 má tá ceisteanna ar bith acu maidir leis an tionscadal nó is féidir leo cuairt a thabhairt ar an rannán Nuashonruithe ar Sholáthar Uisce de shuíomh gréasáin Uisce Éireann le haghaidh nuashonruithe rialta.

D'fhonn tuilleadh faisnéise a fháil tabhair cuairt ar www.water.ie/projects-plans/national-projects/leakage-reduction-programme/.

Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce óil agus fuíolluisce poiblí uile a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do phobail a chur faoi bhláth trí infreastruchtúr criticiúil a uasghrádú agus a fhorbairt go leanúnach chun tacaíocht a thabhairt d'fhás agus d'fhorbairt inbhuanaithe, trí uisce óil sábháilte a sholáthar, agus tríd an timpeallacht a fheabhsú. Le haghaidh níos mó faisnéise tabhair cuairt ar www.water.ie

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.