Skip to main content

Srianta uisce a bhfuil géarghá leo thar oíche ar Inis Oírr chun soláthar i rith an lae a choinneáil

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section.

Tá Uisce Éireann ag iarraidh ar chustaiméirí ar Inis Oírr an t-uisce a chaomhnú, toisc go bhfuil srianta uisce a bhfuil géarghá leo i bhfeidhm thar oíche chun leibhéil uisce sa tascumar ar an oileán a chaomhnú. 

Beidh na srianta i bhfeidhm gach oíche ó 11pm go 7am ag tosú ar an 6 Bealtaine 2024.

Tá Tony Kelly ó Uisce Éireann an-aireach faoin éifeacht a d'fhéadfadh a bheith ag na srianta seo ar chustaiméirí ach cuireann sé béim mhór ar a dtábhacht. "Tá na srianta seo riachtanach chun deimhin a dhéanamh de go mbeidh soláthar leanúnach uisce i rith an lae ar fáil do mhuintir na háite agus do ghnónna ar Inis Oírr. Cuirtear na srianta seo i bhfeidhm ag na hamanna is lú a chuirfidh isteach ar chustaiméirí."

"Táimid ag iarraidh ar chustaiméirí a bheith aireach faoi úsáid an uisce. Is féidir an t-éileamh ar uisce a laghdú trí ghníomhaíochtaí caomhnaithe simplí a chur i gcrích. Is féidir suas le 06 lítear uisce in aghaidh an nóiméid a shábháil má chastar an sconna as fad is a mbítear ag scuabadh fiacla nó ag bearradh feasóige. Is féidir an-chuid uisce a chaomhnú má thógtar cith seachas folcadh, má bhaintear úsáid as canna spréite seachas píobán nuair a bhíonn garraíodóireacht ar siúl. Táimid ag cur i gcuimhne do dhaoine atá freagrach as áitribh atá folamh faoi láthair séiceáil a dhéanamh do sceití agus an t-uisce a mhúchadh nuair nach bhfuil sé ag teastáil. Tá an-chuid nodanna faoi chaomhnú uisce i do theach féin ar fáil ar an láithreán gréasáin ag https://www.water.ie/conservation/ "

Ba mhaith le hUisce Éireann buíochas a ghabháil lena chustaiméirí as a n-iarrachtaí uisce a chaomhnú fad is atá an obair á bhrú ar aghaidh chun a chinntiú go bhfuil soláthar leanúnach uisce ar fáil do chách. Tá eolas breise ar fáil ach cuairt a thabhairt ar an mír Soláthar agus Seirbhís ar an láithreán gréasáin. Bíonn líne chabhrach Uisce Éireann do chustaiméirí ar oscailt 24/7 agus is féidir le custaiméirí glaoch a chur orainn ar 1800 278 278 nó teagmháil a dhéanamh linn ar X @IWcare.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.