Skip to main content

Tá obair thógála le tosú i Scéim Séarachais Bhun Cranncha agus Bhealach Féich/Shrath an Urláir

Tá Uisce Éireann, ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall, le tosú ar oibreacha mar chuid d'infheistíocht dar luach €31 milliún chun an bonneagar fuíolluisce i mBun Cranncha, Bealach Féich agus Srath an Urláir a uasghrádú. Mar thoradh ar na hoibreacha atá mar chuid den scéim séarachais cuirfear feabhsuithe suntasacha ar cháilíocht an uisce i Loch Súilí agus san Fhinn trí dheireadh a chur le forsceitheadh uisce stoirme, an comhshaol a chosaint agus tacú le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch.

Cuirfear tús le Scéim Séarachais Bhun Cranncha agus Bhealach Féich/Shrath an Urláir in dhá chéim, agus cuirfear tús le hobair thógála i mBealach Féich agus Srath an Urláir i mí an Mhárta agus cuirfear tús leis an dara céim de na hoibreacha i mBun Cranncha ag deireadh mhí Aibreáin.

Is forbairt shuntasach í an scéim séarachais do bhaile Bhealach Féich agus Shrath an Urláir, a mbeidh buntáistí iarmhartacha i gceist léi do thimpeallacht nádúrtha áitiúil na Finne, agus tacófar chomh maith le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch an bhaile. 

Dúirt Ceannaire Réigiúnach Uisce Éireann, Eunan Canavan: "Tá scála na hinfheistíochta i nDún na nGall agus soláthar an bhonneagair chriticiúil sin i mBealach Féich agus i Srath an Urláir thar a bheith suntasach. Tá €100m á infheistiú againn i nDún na nGall mar chuid de sholáthar roinnt tionscadal straitéiseach de réir mar a dhéanaimid ár ndícheall chun seirbhísí agus bonneagar fuíolluisce den chéad scoth a sholáthar d'Éirinn anois agus amach anseo. 

"Tá lúcháir orainn blianta d'obair chrua i bpleanáil agus i bhforbairt na scéime séarachais seo a fheiceáil agus muid ag tosú ar thalamh úr a bhriseadh i mBealach Féich agus i Srath an Urláir. Príomhthosaíocht de chuid Uisce Éireann is ea deireadh a chur le sruthanna neamhchomhlíontacha stoirme isteach san Fhinn, rud a laghdaíonn an baol go dtarlódh forsceitheadh le linn stoirmeacha, chomh maith le tacú le forbairt shóisialta agus eacnamaíoch Bhealach Féich agus Shrath an Urláir amach anseo. Tá an tionscadal seo ríthábhachtach chun an comhshaol a chosaint chomh maith le féachaint chuige go seasfaidh an bonneagar i mBealach Féich agus Srath an Urláir an aimsir. 

Dúirt Eunan freisin: "Ní hamháin go gcuirfear feabhas leis an scéim séarachais seo ar cháilíocht uisce na Finne ach cinnteofar leis chomh maith go gcloífear leis na Rialachán maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh 2001 agus leis an Rialachán maidir le Ceadúnas Scaoilte Fuíolluisce an GCC. Le huisce níos glaine treiseofar luach taitneamhachta an limistéir freisin. Leanfaimid ar aghaidh ag obair go dlúth leis an bpobal áitiúil agus déanfaimid nuashonruithe breise a eisiúint de réir mar a chuirfimid an tionscadal ríthábhachtach seo chun cinn."

Áireofar leis na hoibreacha athsholáthar an stáisiúin caidéalúcháin atá ann cheana féin ag An Neamhnaigh agus uasghráduithe ar Stáisiún Caidéalúcháin Naomh Seosamh agus ar Stáisiún Caidéalúcháin Bhóthar Ghleann Fhinne. 

Déanfar thart ar 2km de líonra séarachais a uasghrádú freisin chun cumas a mhéadú, rud a éascóidh fás daonra an bhaile faoi láthair agus amach anseo. Áireofar leis na hoibreacha freisin dhá fhorsceitheadh stoirme atá ann cheana féin a dhíchoimisiúnú. 

Feicfidh cónaitheoirí Bhealach Féich agus Shrath an Urláir agus cuairteoirí orthu oibreacha ar siúl ar Lána an tSéipéil, ar Phríomhshráid Shrath an Urláir, ar Bhóthar Neamhanaí, ar Chestnut Road agus ar Stáisiún Caidéalúcháin Naomh Seosamh. Le linn na n-oibreacha beidh bainistíocht tráchta i bhfeidhm agus beidh rochtain áitiúil agus rochtain éigeandála ann i gcónaí. Is é Ward & Burke Water Limited a dhéanfaidh na hoibreacha thar ceann Uisce Éireann.

Beidh na hoibreacha atá le tosú i mí an Mhárta 2023, críochnaithe faoi dheireadh 2024.  

Tá an-leas á bhaint ag clár sprioctha infheistíochta Uisce Éireann ar fud Thír Chonaill sa bhonneagar fuíolluisce atá ann cheana freisin do phobail ar fud an chontae. Sa Cheathrú Caol, i gCill Charthaigh agus in Ailt an Chorráin tá oibreacha ag dul chun cinn ar sceideal mar chuid d'infheistíocht €20m chun ionaid cóireála fuíolluisce nua agus bonneagar gaolmhar a sholáthar, agus deireadh á chur le sceitheadh camrais neamhchóireáilte isteach sa chomhshaol. Cuireadh tús le déanaí i mbliana le hoibreacha mar chuid de Scéim Séarachais  dar luach €50m Ráth Mealtain, Bhaile na nGallóglach agus Ráth Maoláin. Tá pleananna á gcur chun cinn ag Uisce Éireann freisin mar chuid de sholáthar ionad cóireála fuíolluisce úrscothach nua i gCarraig Airt, i gCill Mhic Réanáin agus i dTamhnach an tSalainn. Ina theannta sin, i dTír Chonaill, le tionscadal Scéim Séarachais Chúl an Tí cuirfear deireadh le sceitheadh camrais neamhchóireáilte sa Daoil, rud lena bhfeabhsófar an toilleadh cóireála fuíolluisce agus lena ligfear d'fhás reatha agus amach anseo an daonra. Tá oibreacha mar chuid den tionscadal sin chun tosú sna míonna le teacht. 

Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce agus fuíolluisce poiblí uile in Éirinn a sheachadadh. Táimid tiomanta do bhonneagar criticiúil a uasghrádú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach chun tacú leis an bhfás atá riachtanach i dtithíocht agus ar fud ár ngeilleagair, agus an comhshaol á chosaint agus soláthairtí uisce á gcosaint. 

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.