Skip to main content

Fógra Uisce a Fhiuchadh do Sholáthar Uisce Poiblí an Iardheiscirt

Tá Uisce Éireann agus Comhairle Contae Luimnigh ar an airdeall go bhféadfadh sé a bheith baolach an t-uisce a ól ón  gcuid den soláthar uisce a thagann ó Sholáthar Poiblí Uisce an Iardheiscirt toisc go bhféadfadh an t-uisce sin a bheith truaillithe.  

De thoradh sin agus ag eascairt as comhairliúchán le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte tá Fógra Uisce a Fhiúchadh, le feidhm láitheach bonn á eisiúint ag Uisce Éireann agus ag Comhairle Contae Luimnigh chun sláinte thomhaltóirí a chosaint.

Baineann an fógra seo le gach uile thomhaltóir atá á soláthar ó Sholáthar Uisce Poiblí an Iardheiscirt.

Caithfidh gach uile thomhaltóir buailte ag an bhfógra seo a gcuid uisce a fhiucadh sula n-ólfar é.

Tá Léarscáil den limistéar de Sholáthar Uisce Poiblí an Iardheiscirt, ina bhfuil mionsonrú ann de na limistéir shonracha i gceist ar fáil ag www.water.ie.

Na limistéir i gceist:

Gach uile chustaiméir de Sholáthar Uisce Poiblí an Iardheiscirt a bhfuil cóip den fógra seo faighte acu.  

Caithfear uisce a fhiuchadh (fiuchtar an t-uisce go fíochmhar ar feadh 1 nóiméad agus fuaraítear é ansin) d'fhonn:

  • Uisce a ól
  • Deochanna a ulmhú atá déanta le huisce
  • Sailéid agus bianna eile nach gcócaráiltear a ullmhú sula n-itear iad
  • Fiacla a scuabadh / a chraosfholcadh
  • Leac oighir a dhéanamh. Bí cinnte de go gcaitheann tú amach aon chiúbanna leac oighir atá i gcuisneoirí agus i reoiteoirí agus uisce scagtha i gcuisneoirí

Tábhachtach: Fiuchaigh an t-uisce trí é a thabhairt go dtí an pointe go mbeidh sé ar fiuchadh go fíochmhar agus lig dó fuarú. Clúdaigh é agus stóráíl é sa chuisneoir nó in áit atá fuar. Níl uisce te a thagann ó sconna sa chistin nó ó dhoirtil sa seomra folctha sábháilte len'ól

Ní ghá duit d'uisce a fhiuchadh sa chúinsí seo a leanas:

  • Sláinteachas pearsanta, folcaí agus ceathanna
  • Leithris a shruthlú
  • Plandaí agus bláthanna a uisciú

Bí ar an airdeall:

  • Nach bhfuil scagairí uisce tí leordhóthanach chun an t-uisce a dhéanamh in ólta

  • Nach n-ólfadh páistí an t-uisce folctha agus iad á ní san fholcadán

  • Go gcaithfear amach ciúbanna leac oighir atá i gcuisneoirí agus i reoiteoirí agus go gcaithfear amach usice scagtha atá i gcuisneoirí. Déan ciúbanna leac oighir le huisce atá fiuchta agus fuaraithe

  • Má tá peataí agat agus má bhíonn imní ort faoin éifeacht a bheadh ag uisce ón soláthar poiblí orthu fad is atá an Fógra Uisce a Fhiuchadgh i bhfeidhm; faigh comhairle ón tréidlia áitiúil.

Uisce ullmhaithe amháin is ceart a úsáid sna cúinsí seo a leanas

  • Nuair atá bianna á ullmhú nach gcócarálfar (mar shampla sailéid a ní agus a ullmhú)
  • Bainne Foirmle do Naíonáin: Nuair a bhíonn Fógra Uisce a Fhiuchadh i bhfeidhm, is féidir leat bainne foirmle do naíonáin a ullmhú le huisce ón sconna ach é a fhiuchadh uair amháin  (uisce a fhiuchadh go fíochmhar ar feadh nóiméad amháin) agus é a fhuarú roimhré. Is féidir uisce buidéil a úsáid chun bainne foirmle naíonáin a dhéanamh. Tá uisce buidéil (seachas uisce mianraí nádúrtha) faoi réir rialachán ar chomhchaighdéan le huisce óil. Is fearr gan uisce buidéil leis an lipéad 'Uisce Mianraí Nádúrtha' a úsáid toisc gur féidir ardleibhéil de shodiam (salann) agus mianraí eile a bheith ann cé nach minic a bhíonn sé sin i gceist. Is féidir 'Uisce Mianraí Nádúrtha' a úsáid sa chás nach bhfuil aon uisce eile ar fáil ach é a úsáid don tréimhse ama is lú, tá sé tábhachtach naíonáin a choiméad hiodráitithe.
  • Má úsáidtear uisce buidéil chun bainne foirmle naíonáin a dhéanamh ba cheart é a fhiuchadh uair amháin, (fiuctha go fíochmhar ar feadh nóiméad amháin) agus fuaraithe sa ghnáthshlí. Is féidir bainne foirmle naíonáin réidh - le-húsáid nach gá uisce a chur leis a úsáid freisin.

Bí cúramach i gcónaí:

Ní mór a bheith fíor-chúramach le huisce fiuchta chun dónna agus scalltaí a sheachaint. Is féidir le timpistí tarlú go héasca, go háirithe nuair a bhíonn leanaí i gceist.

Cén fhad a thógfaidh sé críoch agus deireadh a chur leis an bhFógra Uisce a Fhiuchadh?

Níl a fhios againn faoi láthair, ach leanfaidh Uisce Éiireann ar aghaidh le teagmháil a choinneáil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte d'fhonn críoch agus deireadh a chur leis an bhFógra Uisce a Fhiuchadh a luaithe agus is indéanta.

Conas a choinneofar tú ar an eolas?

Tríd na meáin seo a leanas:

Suíomh Gréasáín: www.water.ie

Ionad Teagmhála na gCustaiméirí de chuid Uisce Éireann: 1890 278 278

Na Meáin Áitiúla - An Radió agus na Meáin Chló

Déanfar teagmháíl go díreach le custaiméirí leochaileacha a chláraigh a gcuid sonraí le UÉ, má bhíonn cúnamh breise de dhíth déan teagmháil le hUisce Éireann chun an scéal a phlé.

Feasacht d'áitribh thráchtála

Iarann Uisce Éireann go gcuirfear an Fógra Uisce a Fhiuchadh in áit atá feiceálach laistigh den áitreamh tráchtála.

 

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.