Skip to main content

Caighdeáin & Sonraíochtaí Uisce Éireann

Fáilte chuig Caighdeáin agus Sonraíochtaí Uisce Éireann

Tá Uisce Éireann ag obair go leanúnach chun Tairseach Caighdeán Uisce Éireann a fhorbairt ionas gur féidir le Seirbhís Innealtóireachta Uisce Éireann rochtain inléite amháin a fháil ar Cháipéisí um Chaighdeáin, Sonraíochtaí agus Teimpléid Uisce Éireann.

Nod Cuardaigh: Bíonn rath níos fearr ar chuardach má úsáidtear ‘Uimhir Foilseacháin UÉ ’ Más rud é nach mbíonn aon toradh ar chuardach déan iarracht arís agus bain úsáid as cuid d’Uimhir Foilseacháin Uisce Éireann’ nó ‘Teideal’ seachas an teaghrán iomlán. Nó, déan scagadh nó cuardach trí úsáid a bhaint as ‘Clár Caighdeán agus Sonraíochtaí Uisce Éireann’ (féach thíos). Má bhíonn aon deacracht nó ceist agat déan teagmháil linn ag designstandards@water.ie


Séanadh

Ní dhéanfar cáipéis ar bith atá ar láithreán gréasáin ‘Caighdeáin Uisce Éireann’ a scaipeadh nó a chóipeáil in aon slí nó ní stórálfar ar aon chóras aisghabhála de shaghas ar bith aon cháipéis luaite thuas gan cead roimhré i scríbhinn ón sealbhóir choipchirt, Uisce Éireann, seachas mar a aontaíodh dá húsáid/ dá n-úsáid.

Má bhíonn amhras ann maidir le haon chaighdeán nua nó leasaithe a chur i bhfeidhm ar thionscadail/ dearthaí reatha; ní foláir don Soláthraí Seirbhís Innealtóireachta dearbhú a lorg ar dtús ón gCeannasaí Réigiúnach um Sholáthair Sócmhainne lena mbaineann.