Skip to main content

Tuile

Beidh strus ag baint le tuilte i gcónaí. Tá muid ag obair go crua chun tuilte a chosc. Mar sin féin, tá go leor cúiseanna ann gur féidir le tuilte tarlú nach bhfuil neart againn orthu.

Déanfaidh sé imscrúdú mionsonraithe chun cúis nó cúiseanna aon teagmhais tuile áirithe a chinneadh, agus cé atá freagrach as. Mar sin féin, tá cineálacha éagsúla tuilte ann.

Cineálacha tuilte

Icon

Tuilte ón bpríobhphíobhán uisce

Má cheapann tú gur fadhb le comhartha uisce poiblí is cúis leis an tuile, déan teagmháil linn ar 1800 278 278 nó +353 1 707 2828 (bíonn na línte gutháin ar oscailt 24/7).

Icon

Tuilte ón séarachais poiblí

Má tá camras sa tuile, agus má cheapann tú go bhfuil fadhb ann leis an séarach poiblí, déan teagmháil linn ar 1800 278 278 nó +353 1 707 2828 (bíonn na línte gutháin ar oscailt 24/7).

Icon

Tuilte báistí nó uisce stoirme

D'fhéadfadh tuilte a tharlú mar gheall ar an bhfearthainn throm. D'fhéadfadh é seo a tharlú toisc go bhfuil leibhéal na mara ag ardú, leibhéil na habhann, nó draenacha stoirme atá ag cur thar maoil.

Icon

Cineálacha éagsúla tuilte

Níl Uisce Éireann freagrach as an tuilte is cúis le fadhb le píopaí nach bhfuil ár bhfreagracht, cosiúil leis na bpíopaí atá istigh do mhaoine.

Conas go bhfreagraíonn muid ar tuairiscí tuilte

1. Cuairt a thabhairt ar do mhaoine

Rachaidh Uisce Éireann cuairt ar do theach chomh luath agus is féidir, de gnáth laistigh de 4 uair. Uaireanta, féadfaidh sé níos mó ama a thógáil i gcásanna eisceachtúla coisúil le drochaimsir nó líon mór eachtraí tuile.

2. Cinneadh a dhéanamh ar an gcúis

Más féidir, socraíonn muid ar cúis na tuile. Níl Uisce Éireann freagrach as do pluiméireacht inmheánach, nó If possible, nó aon tuilte a bhaineann nó a eascraíonn as píopaí nach bhfuil muid freagrach as. Ba chóir tuairiscí uisce dromchla agus uisce stoirme dul chuig d'údarás áitiúil.

3. Deisiú a dhéanamh

Má cheapann muid go bhfuil an tuile mar gheall ar shaincheist le píopaí atá muid freagrach as, déanfaimid ár ndícheall an tuile a réiteach. Seans gur ghá an próiseas fiosraithe a dhéanamh. Beidh ár bhfoireann ábalta an t-eolas is déanaí a thabhairt do.

Nuair a dtéann Uisce Éireann cuairt ar do theach chun cúis a scrúdú nó obair a dhéanamh, níl aon dliteanas ann againn. Beidh orainn imscrúdú a dhéanamh agus dliteanas a shocrú. Beidh muid i dteagmháil leat le linn an phróiseas seo.

Déileáil leis an tuilte

Tá sé fíor-thábhactach teagmhaíl a dhéanamh le do chomhlacht árachais, is cuma leis an gcúis na tuile. Beidh siad in ann cabhair a thabhairt duit.

Damáiste a laghdú

Is féidir tuilte a bheith inmheánach nó seachtrach. S'é atá i gceist le tuilte inmheánacha ná nuair a tháinig uisce isteach san fhoirgneamh ar do mhaoin. S'é atá i gceist le tuilte seachtracha ná nuair a thárlaíonn tuile ach nár tháinig sé isteach san fhoirgneamh. Seo roinnt céimeanna is féidir leat a thógáil chun an damáiste a dhéanann tuilte inmheánacha a íoslaghdú.

  • Rudaí atá luachmhar a bhogadh do dtí áit shábháilte
  • Cas as an an tsoláthair gáis agus leictreachais má tá sé sábhailte é seo a dhéanamh
  • Tuáillí fliucha a chur ag bun an dorais 
  • Cur isteach stopallán an doirtil, tráidire cith etc. Nuair is féidir, luigh ar na stopalláin
  • Troscán a bhogadh thuas staighre, má tá sé sábhailte é seo a dhéanamh

Réamhchúramaí sláinte

Tá roinnt réamhchúraimí bunúsacha sláinteachais ba chóir a ghlacadh agus tú i dteagmháil le huisce tuile. Ba chóir duit labhair le do dhochtúir láithreach má éiríonn aon duine tinn eg. urlacan nó buinneach.

  • Éadaí cosanta a chaitheamh, cosiúil le lámhainní rubair agus buatais bháistí
  • Nigh do lámha tar éis teagmháil a dhéanamh leis an tuilte
  • Gearrthacha a chosaint
  • Bróga agus eadaí a dhíghalrú
  • Páistí, seandaoine, peataí nó aon duine a bhfuil riocht sláinte air a choimead amach as an gceantar
  • Fáil réidh leis an mbia truaillithe
  • Ná hith barra truaillithe ón ngairdín
  • Ná cas do théamh chun an t-áitreabh agus a bhfuil ann a thriomú - féadfaidh teocht níos airde an tseomra cur le saolré aon bhaictéar a thaisceann an tuile
  • Fuinneoga agus dorais a choimead oscailte chomh minic agus is féidir
  • Gaothaire aeir a scaoileadh

Leideanna sábháilteachta

  • Féadann tuilte dochar a dhéanamh d'fhearais leictreacha nó gáis agus d'fhéadfadh sé do theach a dhéanamh leochaileach ina dhiaidh sin
  • Seachain fearais gháis agus leictreacha lena mbaineann a úsáid go dtí go mbeidh feisteoir gáis nó leictreoir cáilithe seiceáilte go bhfuil siad sábháilte
  • Le tuilte inmheánacha, déan cinnte go bhfuil an réadmhaoin aeráilte go maith trí fhuinneoga agus doirse a fhágáil ar oscailt a oiread agus is féidir agus trí gaothairí a dhíghlasáil chun saorshreabhadh aeir a chinntiú - ach cuimhnigh fós go gcaithfidh do theach a bheith slán

Tuilteach a sheachaint

Ta an-chuid rudaí a sruthlaíodh síos an leithreas agus nár cheart iad a shruthú. Nuair a théann siad thar an U-bend, níor theipeann siad coisiúl le páipéar leithris. Ba chóir daoibh iad a chur sa bhosca bruscair.                                                                                                                  

  • Ceirtíní tais, fiú má deir an pacáiste 'flushable'
  • Táirgí sláintíochta
  • Baitíní cadáis
  • Clúidíní aon uaire
  • Coiscíní
  • Táirgí neamhchoinneálachta
  • Bindealáin
  • Lionsaí tadhaill
  • Leigheasanna nach bhfuil ag teastáil uaibh

Níor cheart geireacha, olaí agus gréisce dul síos doirteal na cistine. Soladaíonn siad tar éis fuarú agus cruthaíonn sé deacrachtaí mar gheall ar bhacainní. Lean ar na leidanna seo chun bacainní a sheachaint.

  • Cuir gréisc na cistine sa bhosca bruscair nuair a fhuaraítear í
  • Má fhanann ola cócaireachta i bhfoirm leachtach nuair a fhuaraítear é, cuir an ola i gcoimeádán folamh agus a chur sa bhosca bruscair
  • Coimead an iarmhair as táirge déiríochta, an anlainn agus an stoic. Lig do na táirgí seo fuarú agus cruaite, ansin cuir sa bhosca bruscair iad

  • Bíodh a fhios agat cá bhfuil na naisc seirbhíse agat. Féadann sé seo cabhrú leat aon fhadhbanna tuilte a d'fhéadfadh a bheith ann a aithint go luath agus cuideoidh sé leat cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le tírdhreachú.
  • Toisc gur féidir le fréamhacha crainn fás go tapa i bpíopaí agus srian a chur ar shreabhadh uisce is cúis le bacainní agus tuilte, tá sé tábhachtach na plandaí a chuirtear gar do dhraenacha agus nascanna seirbhíse a theorannú. Ba chóir plandaí agus crainn níos mó a phlandáil i bhfad i gcéin, mar sin ní féidir lena bhfréamhacha cur isteach ar na draenacha agus ar na naisc seirbhíse.
  • Nuair a mbíonn tú ag tírdhreachú do ghairdín, ní mór duit gan píopaí a thógáil ar do mhaoin agus tá cosc air sin a dhéanamh faoin dlí. Níor chóir duit tarmac a dhéanamh ar dhúnphoill freisin. I gcás tuile, soláthróidh na dúnphoill seo rochtain ríthábhachtach ar na píopaí agus ar na naisc / na naisc seirbhíse ionas gur féidir an tuile a bhainistiú.

An bhfaca tú ligean uisce nó tuilte?

Má bhfaca tú licean uisce sa mhaoin phoiblí i do cheantar (cosáin, bóithre, spásanna oscailte agus spásanna fóillíochta), téigh chuig ár rannán 'Fadhb a thuairisciú'. Má tá gá ort tuile a thuairisc, déan teagmháil linn ar 1800 278 278.