Skip to main content

Standard Connection Charges Refund

Aisíoc Sealadach a bhfuil Teorainn Ama léi maidir le Muirir Chaighdeánacha Ceangail d'Fhorbraíocht Chónaithe

Réamheolas

De réir Imlitir PL 04/2023, a eisíodh an 28 Aibreán 2023, tá pacáiste nua de bhearta tacaíochta tithíochta ceadaithe ag an Rialtas chun tús a chur le forbraíochtaí tithíochta a dhreasú agus chun cabhrú le costais tógála tithíochta a laghdú, lena n-áirítear socruithe sealadacha a bhfuil teorainn ama leo a thabhairt isteach maidir le Muirir Chaighdeánacha Ceangail Uisce Éireann (UÉ) a aisíoc.

Baineann an Scéim aisíocaíochta sealadaí seo le forbraíochtaí cónaithe ceadaithe:

  • a thosaíonn ar an láthair idir 25 Aibreán 2023 (dáta Chinneadh an Rialtais lena gceadaítear an beart) agus 24 Aibreán 2024;
  • atá críochnaithe tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2025.

Ní bhaineann an Scéim le Muirir Inluaite infheidhme agus/nó ceanglais urrúis a shonraítear i gcomhaontuithe ceangail.

Is féidir le custaiméirí Baile aonair a bhfuil tairiscint bhailí ceangail acu le hUisce Éireann agus a chomhlíonann critéir na scéime iarratas a dhéanamh ar tharscaoileadh ar a ngnáthmhuirir ceangail amháin. Sa chás go bhfuil muirear inluaite ina chuid den tairiscint ceangail, ní mór é seo a íoc roimh ré chun gur féidir le hUisce Éireann leanúint de phróiseáil a dhéanamh ar tharscaoileadh agus ar sheachadadh an cheangail/na gceangal. Féach ar Uisce Éireann - Critéir na Scéime um Tharscaoileadh Baile Aonair thíos le haghaidh tuilleadh sonraí.

Uisce Éireann - Critéir na Scéime

Forbraíochtaí Cónaithe Ilaonad agus Custaiméirí Baile Aonair a d'íoc a gcuid muirear ceangail

Beidh ar chustaiméirí atá ag lorg aisíocaíochta de Mhuirir Chaighdeánach Ceangail Uisce agus/nó Fuíolluisce mar chuid den Scéim seo Comhaontú Ceangail a bheith déanta acu le UÉ agus na critéir ghlactha go léir a bheith comhlíonta acu, lena n-áirítear:

  • an Muirear Ceangail a bheith íoctha acu;

  • Litir Ghlactha a bheith seolta ar ais acu;

  • aon urra/urrús riachtanach a bheith íoctha acu; agus

  • aon choinníollacha eile mar atá leagtha amach sa litir Tairisceana Ceangail a bheith comhlíonta acu.

Beidh ar chustaiméirí atá ag lorg Aisíocaíochta Ceangail ó UÉ na nithe seo a leanas a chur isteach trí ríomhphost chuig connectionrefundscheme@water.ie;

  1. Foirm Iarratais Scéime Aisíocaíochta Ceangail mar aon le líníocht Leagan Amach Suímh (formáid PDF) ina léirítear an t-aonad cónaithe/na haonaid chónaithe a bhaineann leis an Iarratas ar Aisíocaíocht seo.
  2. Cóip shínithe de Litir Ghealltanais UÉ maidir leis an Scéim Aisíocaíochta Ceangail ina dtugtar gealltanas aon airgead a aisíocann UÉ a aisíoc mura gcomhlíontar critéir na Scéime (Cuid B den fhoirm Iarratais ar Aisíocaíocht).
  3. Litir Fhormheasa Údaráis Áitiúil sínithe agus stampáilte a chur isteach mar chuid den iarratas ar aisíocaíocht i gcomhréir leis an Tarscaoileadh Sealadach a bhfuil Teorainn Ama leis maidir le Ranníocaíochtaí Forbraíochta agus mar atá leagtha amach in Imlitir PL08/2023 (Aguisín 6). Is le haghaidh na sonraí forbraíochta céanna a bheidh i Litir Fhormheasa Údarás Áitiúil agus atá san Iarratas ar Aisíocaíocht agus cinnfidh sí leibhéal na haisíocaíochta a bheidh le próiseáil ag UÉ.
  4. Fógra Tosaithe bailí don fhorbraíocht a chur isteach mar chuid den iarratas ar aisíocaíocht, mar aon le hasphrionta de d'Fhógra Tosaithe ón gCóras Bainistíochta um Rialú Foirgníochta.
  5. I gcás forbraíochtaí tithíochta atá díolmhaithe faoin Scéim um Tharscaoileadh Ranníocaíochta Forbraíochta, e.g., tithíocht shóisialta, beidh ort doiciméadú cuí a chur isteach mar chuid den iarratas ar aisíocaíocht ó Rannóg Pleanála agus/nó Tithíochta an Údaráis Áitiúil ábhartha ina sonraítear líon na dtithe a thógfar faoi théarmaí na scéime is infheidhme chun go mbeidh tú in ann Iarratas ar Aisíocaíocht a chur isteach chuig UÉ. Ba cheart go mbainfeadh aon doiciméid a chuirtear ar fáil leis an bhForbraíocht atá sonraithe san Iarratas ar Aisíocaíocht.

Uisce Éireann - Critéir na Scéime um Tharscaoileadh Baile Aonair

Féadfaidh Custaiméirí Baile Aonair tarscaoileadh a lorg do Mhuirir Chaighdeánacha Ceangail Uisce agus/nó Fuíolluisce mar chuid den Scéim seo má chomhlíonann siad critéir scéim an rialtais de réir Imlitir PL 04/2023. Sa chás go lorgaítear tarscaoileadh beidh ar an iarratasóir Tairiscint Ceangail bhailí a bheith acu le UÉ agus na critéir ghlactha ar fad a bheith comhlíonta acu, lena n-áirítear:

  • aon Mhuirir Ceangail Inluaite (más infheidhme agus mar atá leagtha amach in Aguisín 4 den Tairiscint Ceangail) a bheith íoctha acu;
  • Litir Ghlactha a bheith seolta ar ais acu; agus
  • aon choinníollacha eile mar atá leagtha amach sa litir Tairisceana Ceangail a bheith comhlíonta acu.
  • Beidh ar chustaiméirí atá ag lorg Tarscaoilte ó UÉ na nithe seo a leanas a chur isteach trí ríomhphost chuig connectionrefundscheme@water.ie;
  1. Foirm Iarratais ar Tharscaoileadh Áit Chónaithe Aonair, mar aon le líníocht Leagan Amach Suímh (formáid PDF) ina léirítear an t-aonad cónaithe/na haonaid chónaithe a bhaineann leis an Iarratas ar Tharscaoileadh seo.
  2. Cóip shínithe de Litir Ghealltanais UÉ maidir leis an Scéim Aisíocaíochta Ceangail ina dtugtar gealltanas aon airgead a tharscaoileann UÉ a aisíoc mura gcomhlíontar critéir na Scéime (Cuid B den fhoirm Iarratais ar Tharscaoileadh).
  3. Litir Fhormheasa Údaráis Áitiúil sínithe agus stampáilte a chur isteach mar chuid den iarratas ar tharscaoileadh i gcomhréir leis an Tarscaoileadh Sealadach a bhfuil Teorainn Ama leis maidir le Ranníocaíochtaí Forbraíochta agus mar atá leagtha amach in Imlitir PL08/2023 (Aguisín 6). Is le haghaidh na sonraí forbraíochta céanna a bheidh i Litir Fhormheasa Údaráis Áitiúil agus atá san Iarratas ar Tharscaoileadh agus ceadóidh sí do phróiseáil an tarscaoilte ag UÉ agus don cheangal/do na ceangail a sholáthar.