Skip to main content

Seirbhísí Forbróirí

Cuirimid réimse acmhainní agus ábhar tacaíochta ar fáil d'fhorbróirí, lena ndéantar lámh chúnta a thairiscint le linn an phróisis iomláin, lena n-áirítear promhadh dearaidh agus tréimhsí tógála

Cláir Toillte

Tá cláir sholáthar uisce agus cóireáil fuíolluisce á foilsiú ag Uisce Éireann chun táscaire a sholáthar maidir le toilleadh ar fáil ag ár ionaid cóireála.

Treoir Ceangail

Tá leabhrán Treoir Ceangail curtha le chéile againn ina mhínítear cén slí ar féidir le forbróirí a gcuid forbairt a cheangal le líonra Uisce Éireann.

Engineer-on-roadwork-site

Próisis Forbróirí

Beidh trí phríomhphróiseas le leanúint agat agus forbairt á ceangal agat go dtí líonra Uisce Éireann.

Freagrachtaí Píopa

Tá sé tábhachtach an bonneagar uisce agus fuíolluisce a bhaineann le hUisce Éireann a thuiscint agus an bonneagar uisce agus fuíolluisce a fhanfaidh príobháideach amach anseo.

Forbairtí Straitéiseacha Tithíochta

Leis na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Forbairt Straitéiseach Tithíochta), 2017, ceadaítear cineálacha áirithe iarratais pleanála a dhéanamh díreach go dtí an Bord Pleanála. Gairtear iad seo mar Forbairt Straitéiseach Tithíochta (SHD)

Treoir Theicniúil

Sonraítear riachtanais Uisce Éireann i Sonraí Caighdeánacha agus Cóid Chleachtais agus tugtar treoir theicniúil d'fhorbróirí i soláthar uisce agus/ nó bonneagar fuíolluisce atá le suiteáil i bhforbairtí agus a bheidh ceangailte leis na líonraí uisce agus/nó fuíolluisce.

Treoir ar an Láithreán

Tugann an leabharlann doiciméid seo treoir dóibh siúd a bhfuil baint acu le tógáil forbairtí nua atá ceangailte leis an líonra Uisce Éireann.

Fiosrú Malairt Slí agus Tógáil os Cionn

Más rud é go bhfuil tú ag smaoineamh ar thogra forbartha ina mbeidh malairt slí/ tógáil os cionn líonraí Uisce Éireann riachtanach, cliceáil thíos le do thoil leis an leathanach Malairt Slí/ Tógáil os Cionn a threorú, áit a dtiocfaidh tú ar an eolas de dhíth agus sonraí maidir le conas fiosrú/iarratas a dhéanamh.

Féin-Leagtha sa bhóthar poiblí

Tá tionscadal píolótach á sholáthar ag Uisce Éireann atá ag éascú Féin-leagtha bhonneagar seirbhísí uisce i mbóthair poiblí a dhéanann forbróirí ar son Uisce Éireann.

Scéim Chreidiúnú bunaithe ar Eispéireas

Faigh tuilleadh eolais faoinár Scéim Chreidiúnú bunaithe ar Eispéireas chun tabhairt faoi Féin-leagtha i mbóithre poiblí. Féach ar an liosta conraitheoirí creidiúnaithe agus cuir isteach ar a bheith mar chuid den scéim.

Uisce Éireann - ag Tacú le Tithíocht

Táimid tiomanta maidir lenár ról san fheachtas náisiúnta soláthar tithíochta dóibh siúd a bhfuil siad ag teastáil uatha trí sholáthar bhonneagair seirbhísí uisce agus ceangal a fhorbairt agus tús áite a thabhairt dó. Tá sé mar aidhm againn páirt a ghlacadh i bhforbairt agus í a éascú agus tacú léi.

CCanna Forbróirí

Déan seiceáil más rud é go bhfuil freagraí do na ceisteanna atá agat maidir le conas d'fhorbairt tithíochta a cheangal le Líonra Uisce Éireann