Skip to main content

An Plean Náisiúnta um Acmhainní Uisce (PNAU)

Is é PNAU) ár bplean chun an dóigh a soláthróimid soláthar uisce a bheidh sábháilte, slán, iontaofa agus inbhuanaithe dár gcustaiméirí anois agus amach anseo a shainaithint.

Leagtar amach sa PNAU an dóigh a bhfaighimid cothromaíocht idir an soláthar agus an t-éileamh ar uisce óil thar an ngearrthéarma, thar an meántéarma agus thar an bhfadtéarma. Is straitéis 25 bliain é lena chinntiú go mbeidh uisce óil a bheidh inbhuanaithe, slán agus iontaofa againn do chách.

Mar thoradh ar an gcomhairliúchán poiblí sin maidir leis an Dréacht-Chreatphlean PNAU agus na tuarascálacha timpeallachta lena mbaineann, cuireadh na haighneachtaí agus na tuairimí a fuarthas ón gcomhairliúchán poiblí san áireamh, agus tugadh an Dréacht-Chreatphlean PNAU cothrom le dáta.

Tá an Creatphlean PNAU deiridh glactha anois, agus tá Ráiteas maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Cinneadh maidir le Measúnacht Chuí ag gabháil leis. Foilsíodh Tuarascáil um Chomhairliúchán ina ndéantar achoimre ar an aiseolas a fuarthas ón gcomhairliúchán poiblí chomh maith.

Foilseacháin Chreatphlean PNAU

Pleananna Réigiúnacha um Acmhainní Uisce

Ós rud é gurb é seo an chéad PNAU, rinneadh ullmhúchán an phlean a roinnt ina dhá chéim ar leith, agus nuair a chuirfear an dá chéim le chéile, cruthófar an PNAU deiridh. Mar a mhínítear thuas, tugadh faoi Chéim 1 sa bhliain 2021 agus cuireadh Creat an PNAU i bhfeidhm. Rinneamar achoimre i gCéim 2 den PNAU ar na riachtanais sna 535 soláthar uisce aonair agus léiríomar na réitigh ar na riachtanais sin. Rinneamar Céim 2 a chur ar fáil mar cheithre Phlean Réigiúnacha um Acmhainní Uisce mar gheall ar an líon mór soláthairtí in Éirinn:

Bhain céim ar leith de chomhairliúchán poiblí le gach aon cheann de na ceithre dhréachtphlean PRAU agus na tuarascálacha timpeallachta a bhí ag gabháil leo. Reáchtáladh na comhairliúcháin seo sna blianta 2021, 2022 agus 2023 agus tá na PRAUnna glactha ag Uisce Éireann faoin tráth seo.

Cén fáth a bhfuil Plean Náisiúnta um Acmhainní Uisce de dhíth orainn?

Ní tír atá faoi strus uisce í Éire. Ní mór dúinn ár líonra uisce a fheidhmiú chun freastal ar fhás agus an acmhainn nádúrtha iontach seo a bharrfheabhsú. Tá uisce mar chuid dár ngnáthshaol laethúil. Tá sé riachtanach do gach rud a dhéanaimid. Mar gheall ar thriomach agus stoirmeacha le déanaí fágadh cuid dár gcustaiméirí gan uisce ar bith, lena n-áirítear ordú um chaomhnú uisce (cosc ar osáin) den chéad uair in Éirinn.

Chun nach dtarlóidh sé sin amach anseo arís caithfimid pleanáil chun tosaigh. Cinnfear an t-uisce is féidir linn a sholáthar anois agus amach anseo tríd an dóigh a bpleanálfaimid ár n-acmhainní uisce inniu. Sa chéad Phlean Náisiúnta um Acmhainní Uisce de chuid Uisce Éireann (PNAU), léirítear an dóigh ar féidir linn é sin a dhéanamh.


Ár Réiteach

Tá sé mar aidhm ag Uisce Éireann a chinntiú go mbeidh soláthar uisce óil sábháilte iontaofa ag ár gcustaiméirí agus ár n-uisce dár dtodhchaí a chosaint. Is é ár bplean cur chuige trí cholún a úsáid:

1. Caillteanais a Laghdú

Níos lú a chailliúint tríd an méid uisce a chailltear trí ligean a laghdú.

2. Úsáid a Laghdú

Níos lú a úsáid trí muid ar fad a spreagadh chun níos lú uisce a úsáid inár ngnáthshaol laethúil, feabhas a chur ar éifeachtúlacht uisce inár dtithe, gnólachtaí, feirmeacha agus trínár gcuid oibríochta.

3. Soláthair Níos Cliste

Uisce a sholáthar ar bhealach níos cliste trí cháilíocht, athléimneacht agus slándáil ár soláthair a fheabhsú trí fheabhsuithe ar an mbonneagar agus ar oibríochtaí agus trí fhoinsí nua inbhuanaithe uisce a fhorbairt.


Cad é an tairbhe a bhaineann leis an bPlean Náisiúnta um Acmhainní Uisce?

Leis an bPlean Náisiúnta um Acmhainní Uisce, déanfar an méid a leanas:

Icon

Cuirfear feabhas ar an leibhéal seirbhíse dár gcustaiméir agus do phobail.

Icon

Tacófar le fás agus forbairt.

Icon

Beidh sé athléimneach chun tionchair an athraithe a mhaolú.

Icon

Beidh sé inbhuanaithe chun an comhshaol a chosaint.

Breithnítear an méid seo a leanas sa Dréacht-Chreatphlean:

Icon

An dóigh a ndéanaimid measúnú ar riachtanas na cainníochta uisce tríd an gCothromaíocht idir Soláthar agus Éileamh.

Icon

An dóigh a measúnaímid an riachtanas cáilíochta agus iontaofachta uisce trí fhéachaint ar an dóigh a bhfuil ár n-acmhainní reatha ag feidhmiú.

Icon

An dóigh a dtugaimid aghaidh ar Inbhuanaitheacht trína chinntiú nach mór gach rogha nua don soláthar uisce a bheith bunaithe ar chineálacha stuama cur chuige i leith foinsí uisce a chosaint.

Icon

Ár bPróiseas um Roghanna a Mheasúnú - an dóigh a dtagaimid ar réitigh chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais a shainaithnímid.


Treochlár Comhairliúcháin PNAU

Comhairliúcháin Roimhe Seo

Céim 1 - Creatphlean PNAU - Comhairliúchán a haon 

Tionóladh an chéad bhabhta den chomhairliúchán poiblí chun eolas a thabhairt faoi fhorbairt na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta (MST) agus na Measúnachta Cuí (MC), den PNAU, ón 9 Samhain go dtí an 22 Nollaig 2017. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an mBileog Faisnéise um Chomhairliúchán.

D'iarramar aiseolas ar Thuarascáil Scóipeála an MST agus d'iarramar barúlacha agus moltaí a bheadh le breithniú ag an gcéim sin.

Tuarascáil um chomhairliúchán a haon ina ndéantar achoimre ar an aiseolas a fuarthas sa chéad bhabhta de na comhairliúcháin ar fáil le feiceáil anseo.

De réir an phróisis sin agus le heolas uaidh, rinneadh dréacht-Chreatphlean PNAU agus na tuarascálacha timpeallachta a ghabhann leis a ullmhú agus a fhoilsiú le haghaidh comhairliúcháin.

Céim 1 - Creatphlean PNAU - Comhairliúchán a dó 

Sa dréacht-Chreatphlean PNAU sainaithníodh an dóigh a bhfuil sé beartaithe againn measúnú a dhéanamh ar na riachtanais inár soláthairtí uisce ar fad, agus ar an bpróiseas agus an mhodheolaíocht a mbainfimis úsáid astu chun réitigh a fháil chun dul i ngleic leis na riachtanais sin. 

I gComhairliúchán a dó iarradh aiseolas maidir le Dréacht-Chreatphlean PNAU agus an Tuarascáil Timpeallachta MST agus an Ráiteas Tionchair Natura (RTN) a bhaineann leis. Bhí comhairliúchán poiblí reachtúil ceithre seachtaine déag ar siúl ó Dé Máirt an 8 Nollaig 2020 go dtí Dé Máirt an 12 Márta 2021 a raibh dréacht-Chreatphlean PNAU agus na tuarascálacha timpeallachta gaolmhara ar fáil lena bhfeiceáil agus lena n-íoslódáil lena linn ag www.water.ie/nwrp agus ag oifig pleanála d'údaráis náisiúnta nó do Leabharlann Contae (ag brath ar an údarás áitiúil) le linn a ngnáthuaireanta oscailte. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an mBileog Faisnéise um Chomhairliúchán a dó.
I ndiaidh an chomhairliúcháin phoiblí sin, cuireadh na haighneachtaí agus na tuairimí a fuarthas san áireamh agus nuashonraíodh an Creatphlean. 

Tá an Creatphlean PNAU deiridh glactha anois, agus tá Ráiteas maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Cinneadh maidir le Measúnacht Chuí ag gabháil leis. 

Tuarascáil um chomhairliúchán a dó ina ndéantar achoimre ar an aiseolas a fuarthas le linn Comhairliúcháin a dó ar fáil le feiceáil anseo chomh maith. Agus b'in Céim 1 - an Chreatphlean den PNAU curtha i gcrích.

Céim 2 - Comhairliúcháin maidir leis na Pleananna Réigiúnacha um Acmhainní Uisce

Ghlacamar leis an gCreatphlean den Phlean Náisiúnta um Acmhainní Uisce (PNAU) i samhradh na bliana 2021, agus ansin chuireamar tús le céim 2 den PNAU. Ceithre Phlean Réigiúnacha um Acmhainní Uisce a fhoilsiú le haghaidh comhairliúchán poiblí a bhí i gceist leis an gcéim sin.

Tá na pleananna sin bunaithe ar an modheolaíocht a úsáideadh sa Chreatphlean agus ar an modheolaíocht sin a úsáid maidir leis na Grúplimistéir Réigiúnacha de Sholáthairtí Uisce atá mar chuid dár soláthar uisce poiblí náisiúnta.

Bhain céim ar leith de chomhairliúchán poiblí le gach aon cheann de na ceithre dhréachtphlean PRAU agus na tuarascálacha timpeallachta a bhí ag gabháil leo agus tá siad ar fáil anseo.

Cé na chéad chéimeanna eile?

 

  • Tá glactha leis an bPlean Réigiúnach um Acmhainní Uisce - an tOirdheisceart (PRAU-OD) anois, agus ciallaíonn sé seo go bhfuil an dara céim forbartha (an chéim dheiridh) den Phlean Náisiúnta um Acmhainní Uisce curtha i gcrích. Agus an plean ar glacadh leis á ullmhú, breithníodh riachtanais MST, moltaí RTN agus tuairimí ó na comhairliúcháin agus ansin cuireadh an méid sin san áireamh agus an PRAU-OD deiridh á chur i gcrích. Fuarthas agus athbhreithníodh 30 freagra san iomlán ó na comhairliúcháin, agus tá achoimre díobh seo ar fáil sa Tuarascáil ar na Comhairliúcháin maidir le PRAU-OD.

  • Déanfar an leagan deiridh den PRAU-OD agus leaganacha deiridh na dtrí phlean réigiúnacha ar glacadh leo roimhe seo (an PRAU do réigiún an Oirthir agus Lár Tíre, an PRAU do réigiún an Iardheiscirt agus an PRAU don Iarthuaisceart) a chur le chéile agus ansin tugtar tús áite dóibh agus cuirfear chun cinn iad i dtimthriallta amach anseo de phleanáil infheistíochta caipitiúla. Cuirfear na ceithre PRAU agus PNAU Céim a haon - an Creatphlean, ina leagtar amach na modheolaíochtaí a úsáideadh chun Cuir Chuige Roghnaithe a fhorbairt (réitigh ar an riachtanas a sainaithníodh), le chéile mar an chéad phlean náisiúnta um acmhainní uisce de chuid Uisce Éireann don soláthar uisce poiblí i bPoblacht na hÉireann. Cinnteofar leis an bplean go mbeidh soláthairtí uisce óil atá slán, sábháilte, iontaofa agus inbhuanaithe ar fáil ar fud na hÉireann as seo go ceann 25 bliain.

  • Leanfaimid orainn ag athbhreithniú agus ag uasdátú an PNAU. Nuair a bheidh sonraí agus faisnéis nua ar fáil, cuirfear san áireamh sa PNAU iad, agus déanfar é seo tríd an bpróiseas aiseolais agus monatóireachta atá leagtha amach i gcuid 8.3.8 den Chreatphlean

Sraith físeán an Plean Náisiúnta um Acmhainní Uisce

An Plean Náisiúnta um Acmhainní Uisce

An Plean Náisiúnta um Acmhainní Uisce

Athrú Aeráide agus An Timpeallacht

Athrú Aeráide agus An Timpeallacht

An Chothromaíocht Soláthar agus Éileamh

An Chothromaíocht Soláthar agus Éileamh

Soláthar Uisce agus Fás an Daonra

Soláthar Uisce agus Fás an Daonra

Déan teagmháil linn