Skip to main content

Soláthar uisce níos iontaofa á chur ar fáil ag Uisce Éireann do Dhún na nGall

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section.

Tá infheistíocht Uisce Éireann i gCo. Dhún na nGall ag leanúint ar aghaidh, an tseachtain seo, táthar ag cur tús le hobair a dhéanamh i gCeathrú na dTréantach chun soláthar uisce níos iontaofa a chur ar fáil don phobal agus na leibhéil arda sceití a laghdú.

Is ardtosaíocht d'Uisce Éireann  é breis agus 2km de phríomhlíonra uisce a athnuachan rud a dhéanfaidh deimhin de go laghdófar aon chur isteach ar an soláthar uisce chuig custaiméirí mar gheall ar phleascthaí sna píobáin.  

Déanfar na hoibreacha seo ar chuid de bhóthar na dTréantach L-1522 - 1/2. Is éard a bheidh i gceist leis an tionscadal suntasach seo ná, ceangail nua do sheirbhís uisce ón bpríomhlíonra poiblí a chur síos, ar cheangail iad a thiocfaidh ón mbóthar  a fhad le teorainneacha réadmhaoin na gcustaiméirí a cheanglóidh na custaiméirí   leis an soláthar usice.  Tá na hoibreacha seo á ndéanamh mar chuid den Chlár Náisiúnta um Laghdú Sceití.

Chuir an Bainisteoir Cláir ar an gClár Náisiúnta um Laghdú Sceití, Patricia Lowry in iúl go bhfuil áthas an domhain uirthí go bhfuil an tionscadal tábhachtach seo ar tí tosú.

"Tá an obair ríthábhachtach seo mar cuid d'infheistíocht shuntasach ó Uisce Éireann chun an líonra uisce ar fud na tíre a fheabhsú, déantar infheistíocht sna háiteanna is mó a bhfuil gá léi agus dá réir sin cumasaítear do phobail bláthú'. 

Beidh cuid de bhóthar  L-1522-1/2 iata go dtí mí Dheireadh Fómhair chun  a chinntiú go gcuirfear na hoibreacha i gcrích go sábháilte agus go pras. Beidh bealaí malartacha i bhfeidhm agus beidh rochtain ann i gcónaí do mhuintir na háite agus do sheirbhísí éigeandála. 

Dúirt Patricia: "Tuigimid go gcuirfidh an obair seo isteach ar dhaoine, ach déanfaidh ár gcriúnna a seacht ndícheall chun aon chur isteach ar an bpobal áitiúil a mhaolú. Tá na hoibreacha seo riachtanach chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil soláthar uisce iontaofa ar fáil anois agus sa todhchaí do mhuintir Cheathrú na dTréanach, mairfidh buntáistí an tionscadail i bhfad thar aon chur chur isteach gearrthéarmach a thiocfaidh aníos. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis an bpobal as a bheith foighneach agus comhoibritheach linne fad is atá na hoibreacha seo ar siúl".  

Is iad Farrans Construction atá i mbun na n-oibreacha seo thar ceann Uisce Éireann agus meastar go mbeidh na hoibreacha i gcrích faoi dheireadh Fómhar na bliana 2024.

Is sampla amháin é an tionscadal seo den mbealach ina bhfuil Uisce Éireann ag obair i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall chun sceití a laghdú gach uile lá. Is féidir leis a bheith casta sceití a dheisiú. Tá breis agus 63,000 km de phíobáin faoi thalamh in Éirinn - is leor sin chun an domhain féin a thimpeallú níos mó ná uair amháin. Ní bhíonn an chuid is mó de na sceití feiceálach, agus de thoradh sin cailltear uisce luachmhar ach tá dul chun cinn á dhéanamh againn. Sa bhliain 2018 bhí ráta sceite náisiúnta de 46% againn, faoi dheireadh 2022, laghdaíodh é go 37%. Táimid ar an mbóthar ceart chun ráta sceite de 25% a bhaint amach faoi 2030.

Seans maith go mbeidh cur isteach gearrthéarmach i gceist mar gheall ar na hoibreacha, ach cinnteoidh an fhoireann tionscadail go dtabharfar réamhfhógra 48 uair a'chloig ar a laghad do chustaiméirí roimh aon chur isteach pleanáilte. 

Tá líne chabhrach Uisce Éireann, um chúram custaiméara ar fáil 24/7 ar 1800 278 278 agus is féidir le custaiméirí teagmháil a dhéanamh linn ar an gcóras X @IWcare le haon cheist a bheadh acu.

Chun teacht ar a thuilleadh eolais maidir leis an gClár Náisiúnta um Laghdú Sceití, téigh chuig www.water.ie/reducingleaks

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.