Skip to main content

An chéad deisiú gan chostas

Is é aidhm An Chéad Deisiú gan Chostas ná an méid uisce a chailltear trí sceitheanna ar áitribh chustaiméirí a laghdú.

Más rud é go rabhamar i dteagmháil leat faoi sceith amhrasta ar do phíobán seachtrach soláthair uisce, tá seans ann go gcáilíonn tú don scéim.

Cuirtear ar fáil:

Fiosrúchán saor in aisce má thugann do mhéadar uisce le fios gur seans ann go bhfuil sceitheadh ar do phíobán seachtrach soláthair.

Deisiúchán saor in aisce* den sceitheadh má aimsítear sceitheadh ar an bpíobán seachtrach soláthair. Ag brath ar na thearmaí agus coinníollacha na scéime.

T á níos mó ná 154 milliún lítear uisce sábháilte in aghaidh an lae (Tuairiscí Ráithiúla don scéim An Chéad Deisiú gan Chostas - Q1, 2020)

Cé atá incháilithe don scéim An Chéad Deisiú gan Chostas?

Tá tú incháilithe don scéim An Chéad Deisiú gan Chostas más custaiméir teaghlaigh nó ilchineálach thú le sceith ar do phíobhán seachtrach soláthar uisce.

* caithfear a mheas go n-úsáideann tú uisce den chuid is mó chun críocha tí

Rinne an CRU na hathruithe seo a leanas ar an 19 Aibreán, agus ar an gcaoi sin incháilitheacht don scéim a leathnú:

  • Is féidir le custaiméirí baile gan mhéadar leas a bhaint as an scéim anois
  • Is féidir le custaiméirí úsáide measctha a bhfuil uisce intíre ceannasach acu leas a bhaint as an scéim anois
  • Ní gá do chustaiméirí a bheith cláraithe a thuilleadh chun leas a bhaint as an scéim
  • Is féidir le custaiméirí nach bhfuil aon comhla stoptha laistigh acu leas a bhaint as an scéim anois
  • Is féidir le custaiméirí a bhfuil nasc seirbhíse roinnte acu leas a bhaint as an scéim anois 

Cinneadh an CRU

Taispeánann an léaráid an áit ina bhfuil an píobán seachtrach soláthair uisce ar áitribh chustaiméirí.

Próiseas An Chéad Deisiú gan Chostas

Beidh Uisce Éireann i dteagmháil leat

Beidh Uisce Éireann i dteagmháil leat tríd an bpost má thugann do mhéadar uisce le fios gur seans ann go bhfuil sceitheadh ar d'aitreabh.

Seiceáil a dhéanamh timpeall an tí

Iarrfaimid ort ceithre sheiceáil shimplí a dhéanamh timpeall an tí. Cuireann sé seo fadhbanna inmheánacha pluiméireachta as an áireamh mar chúis an sceite.

Fiosrúchán sceite saor in aisce a iarraidh

Mura bhfaigheann tú aon fhadhbanna inmheánacha pluiméireachta, cuir glaoch orainn ar 1800 278 278 le fiosrúchán sceite saor in aisce a iarraidh nó líon amach ár bhfoirm clárúcháin ar líne.

Beidh ár gconraithreoir i dteagmháil leat

Tiocfaidh ár gconraitheoir chugat le coinne a dhéanamh d'fhiosrúchán sceite ag am oiriúnach. B'fhéidir nár mhiste leat ár dTreoirleabhar Bí Slán a léamh treoirleabhar a thugann céimeanna sábháilteacta gur féidir leat a thógáil agus tú ag déileáil le cuairteoirí chuig do theach.

Déanfaidh ár gconraitheoir an fiosrúchán

Déanfaidh ár gconraitheoir an fiosrúchán chun fáil amach an bhfuil sceitheadh ar an bpíobán seachtrach soláthair.

Gheobhaidh an custaiméir an tairiscint deisiúcháin faoin scéim An Chéad Deisiú gan Chostas chomh maith le forim ghlactha

Má aimsíonn an conraitheoir sceitheadh ar an bpíobhán seachtrach soláthair, gheobhaidh tú tairiscint deisiúcháin faoin scéim An Chéad Deisiú gan Chostas chomh maith le foirm ghlactha.

(Ní mór d'úinéir an áitreabh an fhoirm seo a shíniú sula ndéanfar aon deisiúchán ar an scetheadh. Ah brath ar théarmaí agus coinníollacha na scéime)

Coinne socraithe

Chomh luath is a faighimid an fhoirm sínithe ó úinéir an áitreabh, socróidh ár gconraitheoir am oiriúnach leat leis an sceitheadh a dheisiú ag an áitreabh.

Cláraigh don scéim An Chéad Deisiú gan Chostas ar líne

Ag seiceáil is ag deisiú sceitheanna uisce i do theach

ceithre sheiceáil shimplí ann chun fáil amach an bhfuil fadhbanna inmheánacha pluiméireachta i do theach.

Má aimsíonn tú sceitheadh uisce laistigh de do theach, seachas ceann ar an bpíobán seachtrach soláthair, beidh ort do dheisiúchán féin a shocrú. Chomh maith le cothabháil teaghlaigh de shaghas ar bith, is tusa atá freagrach as na píobáin ar d'áitreabh agus laistigh de do theach. Tá Uisce Éireann freagrach as na píobáin ar an taobh poiblí.

Leagan amach tipiciúil de sholáthar uisce i dteach le méadar uisce

A = príomhphíobán uisce poiblí

B = méadar uisce agus comhla stoptha lasmuigh

C = píobán seachtrach soláthair

D = píobán inmheánach soláthair

E = comhla stoptha laistigh

F = píobán forsceite

Céard atá custaiméirí ag rá faoi scéim An Chéad Deisiú gan Chostas:

“Seirbhís iontach. Rinne síad i bhfad ní ba mhó ná mar a bhí de dhualgas orthu a dhéanamh. Bhí dea-mhúineadh ag an criú, bhí siad éifeachtúil agus cuimsitheach. Tá an seirbhís phoiblí tar éis fásta suas”

Eoin, Baile Átha Cliath

“An-cabhrach agus cairdiúil. An-sasta leis an taithí agus an toradh”

Rachel, Cill Dara

“Bhí an foireann cúirtéiseach agus proifisiúnta. Bhí an obair déanta agus níor chuir sé isteach go mór ar an cloch phábhála sa ghairdín. Bhí seiceáil déanta cúpla lá ina dhiadh sin i gcomhair sceite. Jab an-proifisiúnta a bhí ann.”

Jim, Luimneach

Déan ár gceithre sheiceáil shimplí chun fáil amach an bhfuil fadhb inmheánach pluiméireachta i do theach.

Cláraigh don scéim An Chéad Deisiú gan Chostas

Cláraigh don fiosrúchán sceite saor in aisce leis an scéim An Chéad Deisiú gan Chostas.