Skip to main content

Smaoinigh Sula Doirteann Tú

Clár An Taisce a bhíonn i mbun an feachtas, i gcomhphairt le hUisce Éireann. Lean na leideanna seo chun draenacha blocáilte a chosc.

Nuair a bhíonn geireacha, olaí agus gréisce te agus i bhfoirm leachtach, doirteann siad síos doirteal na cistine go héasca. Mar sin féin, soladaíonn siad tar éis fuarú. Cruthaíonn sé deacrachtaí mar gheall ar bhacainní agus tuilte. Is féidir bacadh i bpíopaí agus tuilte a tharlú dá thoradh seo, chomh maith le damáiste réadmhaoine agus contúirtí don timpeallacht.

Tá seans go mbeadh boladh aisteach as an draein agus b'fhéidir go bhfaighfeá nach draenáil an doirteal nó miasniteoir go tapa níos mó.

Preventing Blocked Pipes & Drains

Draenacha blocáilte a chosc

Ní thógann sé ach cúpla soicind chun geireacha, olaí agus gréisce a chuir sa bhosca bruscair. Lean na leideanna seo.

 

Ár gcuid leideanna a íoslódáil agus a phriontáil Ár gcuid leideanna a íoslódáil agus a phriontáil - opens in a new tab

Bain úsáid as stráinín

Bain úsáid as stráinín sa pholl stopalláin chun bia a stopadh dul síos an draein. Ansin, cuir an bia sa bhosca bruscair.

Scríob dramhaíl chistine

Scríob scamhacháin, rís, pasta agus gréisc de phlátaí, potaí agus pannaí agus cuir sa bhosca bruscair iad.

Bain úsáid as coimeádán theasdíonach

Scríob geireacha agus anlann as na bpannaí isteach sa choimeádán theasdíonach, coisúil le GunkPot, bosca uibheacha nó pota iógairt. Tar éis fuarú, cuir sa bhosca bruscair iad.

Glan an gréisce

Sula nglanfaidh tú na soithí, bain úsáid as rolla cistine chun gréisce a ghlanadh. Cuir an rolla cistine sa bhosca bruscair ina dhiadh sin.

Glan na potaí agus pannaí

Sula gcuirfidh tú do chuid potaí agus pannaí sa mhiasniteoir, bain úsáid as rolla cistine chun gréisce a ghlanadh as. Cuir an rolla cistine sa bhosca bruscair ina dhiadh sin.

Caith uait an dríodar caife

Ná cuir na dríodar caife síos sa draein. Is féidir leo calcthaí a dhéanamh. Cuir sa bhosca bruscair nó an carn múirín iad.

Méid mór ola

Déan teagmháil le d'udarás áitiúla le haghaidh tuilleadh eolais agus faigh amach cá bhfuil d'ionad athchúrsála áitiúil.

Coimead ola fuaraithe sa phróca

Scríob ola sa phróca agus is féidir leat é a úsáíd arís. Bíonn prócaí im piseanna talún an-úsáideach mar coimeádáin.

Reoigh an ola

Is féidir leat ola a reoite i gcoimeádán plaisteach. Tá sé níos éasca fáil réidh leis i bhfoirm sholadach, nó is féidir leat é a úsáid arís.

Coimead an U-bend saor

Ní imíonn ramhar uisce te a dhoirteadh síos an doirteal. Fuaraíonn an t-uisce sa deireadh agus éiríonn an ramhar soladach arís.

Ní chabhróidh an leacht níocháin

Cé go gcuidíonn leacht níocháin le ramhar a rith síos an doirteal, féadann sé soladú agus calcthaí a cruthú.

An Feachtas

Le haghaidh tuilleadh eolais, tá sé ar fáil trí nasc ar an suíomh gréasáin Clean Coasts.