Skip to main content

Eisilteach Trádála

Is eisilteach trádála é aon dramhaíl leachtach a sceitheann ó áitreabh gnóthais go dtí na séaraigh phoiblí. Ní mór ceadúnas eisilteach trádála a bheith agat chun eisilteach trádála a sceitheadh amach sa séarach.

Faoi Eisilteach Trádála

Is eisilteach trádála é aon dramhaíl leachtach (seachas fuíolluisce tí agus uisce stoirme) a sceitheann ó áitreabh gnóthais go dtí na séaraigh phoiblí. Ní mór Ceadúnas Eisilteach Trádála a bheith agat chun eisilteach trádála a sceitheadh chuig an séarach.

Fuíolluisce i dTancaer

Is fuíolluisce é seo nach sceitear sa chóras fuíolluisce poiblí. Ina áit sin, bailítear é agus iompaítear i dtancaer é chuig ionad cóireála fuíolluisce oiriúnach. Cóireálfar ansin é sula dtéann sé isteach sa timpeallacht arís.

CCanna faoi Eisilteach Trádála

Féach ár gceisteanna coitianta faoi eisilteach trádála a sceitheadh.