Skip to main content

Maidir le hEisilteach Tráchtála

Dramhaíl leachta is ea é eisilteach trádáil atá caitheamh amach as gnólachtaí go dtí an séarach poiblí. Ní mór ceadúnas eisilteach tráchtála a bheith agat as seo.

Tá éagsúlacht ag nádúr doirteadh eisiltigh trádála ó thaobh nádúir, comhdhéanamh agus méid de, ag brath ar an ngnó. Tá acmhainn éagsúil inár séaraigh agus inár ngléasraí cóireála fuíolluisce freisin.

Ciallaíonn an méid seo go gcaithfimid gach sceitheadh chuig ár líonra séarachais a mheas agus a rialáil d'fhonn a chinntiú go ndéantar sláinte an phobail agus an comhshaol a chosaint go hiomlán

Ceadúnas Eisilteach Tráchtála

Rialaíonn muid nó an EPA sceitheadh eisiltigh trádála chuig séarach. Ní mór duit ceadúnas eisiltigh trádála nó ceadúnas EPA a bheith agat chun eisilteach trádála a scaoileadh chuig an séarach. Cinnfidh scála na gníomhaíochta an t-údarás rialála atá freagrach as an eisilteach trádála a scaoiltear chuig an séarach a cheadúnú.

Leagann ceadúnas eisiltigh trádála amach coinníollacha nach mór a leanúint, cosiúil le:

  • An nádúr, comhdhéanamh agus an toirt atá ag an urscaoilte
  • Modh na cóireála, suíomh an scaoilte agus na tréimhsí ar féidir urscaoileadh a dhéanamh
  • Tógáil agus anailísiú samplaí eisiltigh trádála agus na taifid eisiltigh trádála nach mór a choinneáil
  • Muirir is infheidhme maidir le heisilteach trádála a urscaoileadh, arna cheadú ag an CRU

Is íocaíocht aonuaire í an táille iarratais agus is € 380 í. Beidh na muirir as seirbhísí ginearálta uisce agus fuíolluisce a sholáthar de réir na muirear mar atá leagtha amach inár bPlean Muirir.

Cé a theastaíonn ceadúnas uaidh

Tugann an liosta seo a leanas samplaí de na cineálacha éagsúla gnó ar cheart ceadúnas a bheith acu. I measc na n-earnálacha eile ar féidir ceadúnas a bheith ag teastáil uathu tá déantúsaíocht, innealtóireacht agus tógáil.

Icon

Gnólachtaí bhia

Áiteanna a n-ullmhaítear bia, cosiúil le mbialanna, caiféanna, siopaí sceallóga, ceaintíní agus pubanna

Icon

Bia agus deoch

Próiseáil bia agus feoil/iasc/déiríocht, grúdlanna, drioglanna, táirgeoirí deochanna, bácúis, cistiní táirgeachta agus milseogra

Icon

Comhlachtaí cógaisíochta

Ceimiceáin, comhlachtaí cógaisíochta, sláinte an phobail agus ainmhithe

Icon

Institiúidí

Ospidéil, ollscoileanna agus áiseanna sláinte

Icon

Tráchtála

Niteoir carranna, ionad seirbhísí, óstáin, ionad níocháin, tirimghlantóirí, linnte snámha, spánna, ionaid fóillíochta agus páirceanna charbhán

Icon

Seirbhísí bailithe dramhaíola

Líonidh talún, ionaid athchúrsála, próiseáil dramhaíola, áiseanna cóireáila agus stórála, agus loisceoir dramhaíola

Ceisteanna maidir le FOGs

Féach ar na ceisteanna is coitiana madir le heisilteach tráchtála