Skip to main content

Maidir le hUisce Éireann

Is é Uisce Éireann an fóntas náisiúnta uisce atá freagrach as seirbhísí uisce agus fuíolluisce a chur ar fáil ar fud na hÉireann.

I mí Iúil 2023 rinneadh comhlacht corpraithe de Irish Water dá ngairtear Uisce Éireann anois; faoi réir Acht um Sheirbhísí Uisce 2013, ag eascairt as teacht i bhfeidhm don Acht um Sheirbhísí Uisce (arna leasú) 2022, is é atá freagrach as seirbhísí uisce agus seirbhísí fuíolluisce 31 údarás áitiúil a thabhairt le chéile faoi aon soláthróir náisiúnta seirbhíse amháin.

Táimid freagrach as gach uile sheirbhís uisce phoiblí agus serbhísí fuíolluisce a oibriú lena n-áirítear:

  • Sócmhainní náisiúnta uisce agus sócmhainní fuíolluisce a bhainistiú.
  • Cothabháil a dhéanamh ar an gcóras uisce agus fuíolluisce
  • Infheistíocht agus pleanáil
  • Tionscadail chaipitil a bhainistiú
  • Cúram custaiméara agus billeáil

De bhreis ar sin táimid freagrach as gach uile chinneadh maidir le hinfheistíocht chaipitil agus an clár caipitil a fheidhmiú agus a chur i gcrích ar fud na tíre.

Ár n-uisce a chosaint

Tá an t-uisce ar ceann de na hacmhainní is luachmhara atá againn agus tá sé riachtanach chun beatha a chothú. Mhúnlaigh sé ár dtírdhreach, shocraigh sé suíomh ár gcathracha, chosain sé ár sláinte agus géaraigh sé ár bhfobairt gheilleagrach in Éirinn. Leis na cianta cairbreacha tá seirbhís réasúnta faighte againn ó líonra uisce na hÉireann ach tá dúshláin shuntasacha roimhe anois. Is trí feabhas a chur ar chaomhnú uisce agus trí obair a dhéanamh le chéile a áiritheofar seirbhísí inbhunaitheacha uisce d'Éirinn do na blianta amach romhainn.

An modh ina chuirtear seirbhísí uisce ar fáil á athrú ó bhonn

Is bunriachtanas é do shochaí an lae inniu, rochtain a bheith aici ar uisce glan agus go mbeadh bainistíocht éifeachtach ar fhuíolluisce. Tá sé costasach uisce glan a tháirgeadh agus a chur ar fáil. Is próiseas casta é uisce as ár n-aibhneacha, as ár lochanna agus screamhuisce (amh-uisce) a thiontú go huisce óil atá glan agus an t-uisce sin a sholáthar chuig sconna gach uile chustaiméir. Ní foláir an fuíolluisce a bhailiú agus a chóireáil sular féidir é a chur ar ais go sábháilte inár dtimpeallacht.

Bíonn maoinú suntasach ag teastáil chun seirbhísí uisce a chur ar fáil do gach uile chustaiméir; áirítear leis na nithe a mbíonn infheistíocht de dhíth orthu iad seo a leanas; oibriú na n-ionad cóireála agus na líonraí píobán atá ann cheana mar aon le hinfheistíocht d'fhonn cothabháil a dhéanamh ar an mbonneagar atá ann agus d'fhonn bonneagar nua a chur ar fáil do sheirbhísí uisce. De bhrí gur tháinig Uisce Éireann ar an saol, cumasaíodh den chéad uair riamh, athrú ó bhonn a dhéanamh ar an modh ina chuirtear seirbhísí uisce ar fáil in Éirinn. Tá ar a chumas déileáil go héifeachtach agus go pras leis na deachrachtaí agus na rioscaí a théann i gcion ar sholáthar seirbhísí uisce.

In anneoin atá déanta ag údaráis áitiúla le 130 bliain anuas, tá géarghá le hinfheistíocht shuntasach ar fud na tíre chun déileáil le laigí sna córais atá ann faoi láthair; ar na laigí sin áirítear; ardrátaí sceite, éagsúlacht sna caighdeáin cháilíochta uisce óil, cur isteach ar sholáthar uisce agus sceití do-ghlactha fuíolluisce.

Ár ndúshláin

Is é Uisce Éireann atá freagrach as seirbhísí uisce a chur ar fáil do isteach is amach ar 80% den daonra. Cé go bhfaigheann an-chuid custaiméirí soláthar uisce agus seirbhísí fuíolluisce ar chaighdeán maith tá sciar nach beag míshásta leis na seirbhísí seo. In ainneoin dea-obair na n-údarás áitiúla thar na blianta fada, tá oidhreacht laigí inár n-ionaid chóireála agus inár líonraí de thoradh ar infheistíocht easnamhach mar aon le heaspa clár córasacha chun sócmhainní a bhainistiú agus cothabháil a chur i gcrích.

Uisce óil atá níos sábháilte agus níos glaine

I mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh, an dá chathair is mó, táimid fós ag braith go láidir ar chórais ón 19ú haois déag nach bhfuil oiriúnach don fheidhm a thuilleadh. Lasmuigh de na hionaid uirbeacha is mó, tá ár líonra uisce ilroinnte agus tá go leor foinsí beaga uisce agus foinsí uisce gan chosaint ann. Níl cáilíocht an uisce i gcomhréir le caighdeáin uisce óil na hÉireann nó na hÉorpa i gcuid mhaith dár scéimeanna.Tá sé measta go bhfuil an baol ann go dteipfidh ar 30% de na hionaid chóireála fuíolluisce i ndáil le paraiméadair cháilíochta agus go bhfuil geall le leath den uisce a tháirgtear á chailleadh de thoradh ar sceití.

Bainistíocht éifeachtach fuíolluisce

Caithfear fuíolluisce a bhailiú agus caithfear é a chóireáil sula scaoilfear é ar ais chuig an gcomhshaol. Níl an caighdeán a cheanglaítear um chóireáil fuíolluisce bainte amach i 38 gcinn dár limistéir mhóra uirbheacha agus tá camras neamhchóireáilte á scaoileadh amach as 44 limistéir. Bíonn cuid mhaith dár gcomhchórais séarachais faoi ró-ualach go minic go háirithe nuair a bhíonn báisteach throm ann agus tarlaíonn tuilte i roinnt áitreabh, is féidir go n-eascródh forsceití as na tuilte sin agus go mbeadh truailliú á dhéanamh ar aibhneacha agus srutháin dá réir.

Ag tacú le borradh sóisialta agus geilleagrach

De thoradh ar an athbhorradh geilleagrach tá gá le hacmhainn sa bhreis chun tacaíocht a thabhairt d'fhorbairt tithíochta, mar aon le hoifigí, monarchana, foirgnimh thráchtála agus tacaíocht a thabhairt d'fhostaíocht. Tá bac ar an mborradh seo toisc go bhfuil acmhainneacht srianta sa chóras don uisce agus d'fhuíolluisce agus ní mór an bac sin a shárú má tháthar chun freastal ar riachtanais tithíochta i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Rialáil

Fad is a bhíonn ár bhfeidhm mar fhóntas náisiúnta seirbhísí uisce á dhéanamh againn táimid freagrach as oibríochtaí um sheirbhísí uisce agus as infheistíocht dhéanamh agus is leis na rialálaithe thíos go príomha a rialaítear Uisce Éireann;

  • An rialálaí geilleagrach, An Coimisiún um Rialáil Fóntais ar cuireadh na cúraimí leas an chustaiméara a chosaint agus ceanglas cistiúcháin leordhóthanaigh a cheadú le cur ar chumas an fhóntais na seirbhísí a cheanglaítear a chur ar fáil i gcomhréir leis na caighdeáin atá sonraithe ar mhodh éifeachtach; agus
  • An rialálaí comhshaoil, An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil(GCC), a leagann síos caighdeáin agus a áirithíonn go gcomhlíonfar na Rialachán Náisiúnta mar aon le Rialachán ón AE i ndáil le soláthar uisce óil agus i ndáil le scaoileadh fuíolluisce isteach i ndobharlaigh. Téann an An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le cúrsaí a bhaineann le sláinte phoiblí.

Bíonn Uisce Éireann faoi réir ag comhlachtaí rialála eile agus é i mbun a ghnó, ar chomhlachtaí iad mar shampla; An Coimisiún um Chosaint Sonraí agus An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta.

Ár gcomhthéacs dlí

Tá Uisce Éireann freagrach as seirbhísí uisce a chur ar fáil i gcomhréir le ceanglais reachtacha atá i réim go náisiúnta agus san Eoraip. Áirítear le reachtaíocht ábhartha, reachtanna iomadúla, rialacháin agus treoracha Eorpacha. Áirítear leis an reachtaíocht is ábhartha i gcomhthéacs na n-oibríochtaí a gcuireann sé i gcrích:

  • An Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh agus rialacháin chur chun feidhme na hÉireann
  • Treoir maidir le hUisce Óil agus rialacháin chur chun feidhme na hÉireann
  • Treoir Réime maidir le hUisce agus rialacháin chur chun feidhme na hÉireann
  • Treoracha maidir le hÉin agus Gnáthóga agus rialacháin chur chun feidhme na hÉireann
  • Coinbhinsiún Aarhus
  • An tAcht um Sheirbhísí Uisce 2007-2022
  • Acht Soláthairí Uisce 1942
  • An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000
  • Acht na gCuideachtaí 2014 (arna leasú)

Tuarascálacha Bliantúla

Is tuarascálacha cuimsitheacha iad tuarascálacha bliantúla Uisce Éireann ar ár ngníomhaíochtaí agus forbairtí le linn gach bliain agus is féidir iad a íoslódáil.