Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050
![](/sites/default/files/projects/strategic-plans/water-services-strategic/UE-WSSP-1.4-History-and-heritage_2-COL_v2-01-new%21en%21.png)
Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce
Cuireann an Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce (PSSU) cuspóirí Uisce Éireann i láthair don 25 bliain atá romhainn agus na bealaí ina mbainfimid amach iad. Tá sé ar chomhréim leis na ceanglais atá leagtha amach san Acht um Sheirbhísí Uisce (Uimh. 2), 2013. D'fhoilsíomar ár gcéad Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce in 2015 agus anois táimid ag dul i mbun an phróisis chun comhairliúchán a dhéanamh maidir le dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 (PSSU 2050) a chuirfear in ionad an phlean reatha.
![](/sites/default/files/projects/strategic-plans/water-services-strategic/what-is-the-wssp/Roadmap-Irish%21ga%21.png)
Nuair a ghlacfar é beidh PSSU 2050 nua ina dhoiciméad straitéiseach tábhachtach a dhíreofar ar uisce óil sábháilte a sholáthar agus lena gcinnteofar go bhfuil an timpeallacht cosanta ó iarmhairtí sceite fuíolluisce. Cinnteofar leis freisin go bhfuil córais éifeachtúla nua-aimseartha againn a chomhlíonann riachtanais na gcustaiméirí, a chuireann le fás agus forbairt eacnamaíoch, agus a thugann luach ar airgead.
Tá sé de fhreagracht orainne a chinntiú go bhfaigheann ár gcustaiméirí go léir (teaghlaigh agus cuideachtaí) soláthar uisce óil atá sábháilte agus slán agus go mbaileofar a gcuid fuíolluisce, go gcaitear go cuí leis agus go gcuirtear ar ais go sábháilte chuig an gcomhshaol é.
Ba staidéar cuimsitheach é Fís Uisce 2050 a rinne Uisce Éireann i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara seachtracha agus le torthaí an staidéir sin cuireadh béim ar chumhacht na fadbhreathnaitheachta maidir le todhchaí uisce na hÉireann a chosaint.Le Tionscadal Fhís Uisce 2050 rinneadh plé ar an dóigh a bhféadfadh spreagthaí móra athruithe amhail an t-athrú aeráide, digitiú agus dúshláin don chomhshaoil dul i bhfeidhm ar an earnáil uisce níos leithne thar am. Le torthaí an tionscadail sin rinneadh eolas dár gcuid straitéisí agus pleananna amach anseo lena n-áirítear an dréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050. Cliceáil chun féachaint ar thuarascálacha chéim 1 agus chéim 2.
Conas is féidir liom a bheith páirteach?
Tá comhairliúchán ar dhréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 ar oscailt anois agus tá aiseolas á ghlacadh againn. Chun féachaint ar dhréacht-Phlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2050 agus ar na tuarascálacha timpeallachta gaolmhara tabhair cuairt ar an leathanach comhairliúcháin.
Ríomhphost: wssp@water.ie
Post: An Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce, Uisce Éireann, P.O. Oifig Poist 13216, Gleann na gCaorach, Co. Bhaile Átha Cliath
Saorghlao: 1800 46 36 76
Plean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce 2015
Rinne an tAire an PSSU reatha a formheas in 2015 agus cumhdaíonn sé an tréimhse ó 2015 go 2040. Táimid ag obair i dtreo an chéad PSSU eile a fhorbairt a chumhdóidh an tréimhse ó 2025 go 2050 leis an aidhm formheas an Aire a fháil faoi dheireadh 2024. Chun cáipéisí an PSSU 2015 a fheiceáil, féach thíos.
Má bhíonn deacracht ar bith agat agus tú ag oscailt na cáipéise PSSU, cliceáil ar na caibidil aonair thíos:
- Achoimre Feidhmiúcháin
- Caibidil 1 - Réamhrá
- Caibidil 2 - Dúshláin agus Tosaíochtaí
- Caibidil 3 - Cuspóir: Ionchais na gCustaiméirí a Chomhlíonadh
- Caibidil 4 - Cuspóir: Soláthar Sábháilte Iontaofa Uisce a Chinntiú
- Caibidil 5 - Cuspóir: Bainistíocht Éifeachtach Fuíolluisce a Chur ar Fáil
- Caibidil 6 - Cuspóir: An Timpeallacht a Chosaint agus a Fheabhsú
- Caibidil 7 - Cuspóir: Fás Sóisialta agus Eacnamaíoch a Thacú
- Caibidil 8 - Cuspóir: Infheistigh inár dTodhchaí
- Gluais agus Iarscríbhinní
- Tuarascáil ar an gComhshaol maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta ar an Dréachtphlean Straitéiseach um Sheirbhísí Uisce
- Ráiteas na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta (MST) don PSSU
- Ráiteas Tionchair Natura mar thacaíocht leis an Measúnacht Chuí don PSSU
- Céim 1 de Thuarascáil an Chomhairliúcháin Phoiblí Iúil-Meán Fómhair 2014
- Céim 2 de Thuarascáil an Chomhairliúcháin Phoiblí Feabhra-Aibreán 2015