Skip to main content

Scéim Séarachais Ghaoth Dobhair

Tionscadal Fuíolluisce

Tá Tionscadal Taispeántais nuálach curtha i gcrích ag Uisce Éireann i nGaoth Dobhair.

Chuir Uisce Éireann, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall, an Tionscadal Taispeántais nuálach seo i gcrích i nGaoth Dobhair. Bhain an tionscadal le 41 cochall a shuiteáil.  Iompraítear an fuíolluisce a bhailítear sna cochaill lena chóireáil ag Ionad Cóireála Fuíolluisce Údarás na Gaeltachta (WWTP) atá faighte ag Uisce Éireann anois. Mar chuid den tionscadal tá uasghrádú suntasach á dhéanamh ar an ionad cóireála uisce faoi láthair lena chinntiú go gcomhlíonann sé caighdeáin Uisce na hÉireann.

Rinne Cleantech Civils, Carty Contractors agus EPS an obair thar ceann Uisce Éireann.

Beidh laghdú ar an spleáchas ar dhabhcha séarachais sa cheantar mar thoradh ar deireadh ar an scéim séarachais nuálach úr seo. Laghdóidh sé sin an acmhainn go scaoilfear fuíolluisce neamhchóireáilte sa timpeallacht trí bhailiú agus trí chóireáil an fhuíolluisce a fheabhsú.

Location
Donegal
Status
Completed
Type
Wastewater
Engineer-on-roadwork-site

Céard atá i gceist?

  1. Sreabhann an fuíolluisce ón teach nó ón ngnólacht isteach san aonad atá taispeánta thíos.
  2. Nuair a shroicheann méid an fhuíolluisce leibhéal áirithe, gníomhachtaíonn lasc meilteoir sa phumpa lena ndéantar an fuíolluisce bog.
  3. Déantar an fuíolluisce a phumpáil trí phíobán beag ansin chuig an líonra píobán úr.
  4. Sreabhfaidh an fuíolluisce feadh an líonra píobán sin lena chóireáil in Ionad Cóireála uasghrádaithe an Údaráis. 

Cad iad na buntáistí a bhaineann leis an tionscadal seo?

Leis an scéim séarachais úr:

  • Cuirfear feabhas ar cháilíocht an uisce i mBá Ghaoth Dobhair agus in aibhneacha agus sruthanna do shnámhaithe, do shurfálaithe agus don phobal iascaireachta;
  • Soláthrófar bailiú agus cóireáil fuíolluisce níos fearr chun an timpeallacht a chosaint;
  • Tacófar le fás sa cheantar amach anseo; agus
  • Cinnteofar go gcomhlíonfar rialacháin Éireannacha agus Eorpacha.

An Chéad Chéimeanna Eile

Déanfaidh Uisce Éireann measúnú ar fheidhmíocht na teicneolaíochta nuálaí seo i nGaoth Dobhair sna 12 mhí le teacht. Tar éis an athbhreithnithe sin, déanfar cinneadh maidir le céimeanna breise ar bith den tionscadal bunaithe ar rath an Tionscadail Taispeána, ar infhaighteacht maoinithe agus ar chur in ord tosaíochta tionscadal laistigh de Phlean Infheistíochta foriomlán Uisce Éireann.

Cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil má bhíonn níos mó eolais de dhíth orm?

Faoi choinne tuilleadh eolais tig leat teagmháil a dhéanamh leis an Fhoireann Tionscadail ag Gweedore@water.ie.

View all projects and plans

Visit our Projects section to find out what's happening in your area.