Skip to main content

Fógraíonn Uisce Éireann 700 Post Nua ar Fud na Tíre

D'fhogair Uisce Éireann -Údarás Náisiúnta Uisce na hÉireann, inniu go bhfuil 700 post nua ar fáil ar fud na tíre. Beidh na deiseanna iontacha seo ar fáil i rith na bliana, agus tá poist ar fáil láithreach bonn.

Baineann na poist le réimse leathan disciplíní. Tá deiseanna ar fáil do dhaoine gairmiúla, do cheardaithe ar gach leibhéal, do chéimithe nua, agus d'oibrithe oilte; chun leas a dhéanamh dá bpobal féin agus gairmeacha tairbheacha a bhaint amach dóibh féin. Tá Uisce Éireann tiomanta d'oiliúint leanúnach a chur ar fáil, i dteannta le pá maith agus leasanna eile ar mhaithe le heispéireas oibre atá seasmhach agus ar féidir sásamh a bhaint as.

Ag labhairt ag an gcruinniú, dúirt an Stiúrthóir um Dhaoine agus Sábháilteacht de chuid Uisce Éireann, Dawn O'Driscoll, "de réir mar a fhorbraímid mar údarás náisiúnta uisce na hÉireann le freagracht as uisce poiblí agus seirbhísí fuíolluisce a chur ar fáil ar fud na tíre, táimid thar a bheith sásta go bhfuil 700 post nua á bhfógairt againn d'iarrthóirí fud fad na tíre. Tá foluntais i réimse leathan de phoist iontacha i ngach uile chontae á líonadh againn, lena n-áirítear oibríochtaí tosaigh, eolaíocht agus innealtóireacht, riarachán, cumarsáid, bainistíocht agus TF.  

Is é seo an fógra earcaíochta is mó riamh ó Uisce Éireann agus léiriú é ar scóip na ngníomhaíochtaí atá idir láimhe againn ar fud na tíre. Ní hé amháin, go gcuirfidh na poist nua seo an deis ar fáil difríocht shuntasach a dhéanamh dod' phobal féin ach cuirfear go leor deiseanna ar fáil duit do ghairm féin a fhorbairt in eagraíocht atá ag fás. Tá daoine le réimse scileanna éagsúla de dhíth orainn chun a gcuid a dhéanamh seirbhísí uisce bunathraitheacha a chur ar fáil a chumsóidh dá bpobal féin bláthú.

"In Uisce Éireann, táimid bródúil as comhdheiseanna a chur ar fáil do gach uile fhostaí agus leanaimid orainn lenár dtiomantas d'ionad oibre atá oscailte, inchineálach agus ionchuimsitheach a chruthú- rud a chuireann ar chumas ár ndaoine barr a n-acmhainn a bhaint amach".

Molann Uisce Éireann do dhaoine ar suim leo obair leo cuairt a thabhairt ar www.water.ie/careers chun féachaint ar na deiseanna iontacha atá ar fáil ina gceantair agus iarratas ar phost a chur isteach.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.