Skip to main content

Fógra 'Uisce a Fhiuchadh' beartaithe ar mhaithe le sláinte na gcustaiméirí a fhaigheann a gcuid uisce ó Sholáthar Uisce Phoiblí Chinn Mhara a chosaint

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section.

Fógra Sealadach 'Uisce a Fhiuchadh' ag teastáil ó 9am (amárach) Dé Máirt, 30 Eanáir chun oibreacha riachtanacha a éascú  

Is mian le hUisce Éireann i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, a chur in iúl do chustaiméirí go n-eiseofar Fógra sealadach 'Uisce a Fhiuchadh' do tuairim is 2,162 custaiméir ar Sholáthar Uisce Phoiblí Chinn Mhara ó 9am Dé Máirt 30 Eanáir 2024 chun oibreacha riachtanacha a éascú san ionad cóireála uisce.  

Tá gá leis an bhfógra sealadach 'Uisce a Fhiuchadh' chun athsholáthar scagaire meán san ionad cóireála uisce a éascú agus na hoibreacha a n-eascróidh as sin a dhéanamh mar aon le tréimhse tástála ar chaighdeán an uisce a éascú agus a chur i gcrích.  

Idir an dá linn, moltar do gach uile chustaiméir ar an soláthar seo a gcuid uisce a fhiuchadh sula n-úsáidfear é ó 9 am Dé Máirt 30 Eanáir go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

Ar na limistéir atá i gceist tá custaiméirí i gCinn Mhara agus sna limistéir máguaird. Tá Grúpscéim Uisce Chora an Rú buailte freisin.

Is féidir le custaiméirí seiceáil a dhéanamh cibé an bhfuil a n-áitreabh faoi réir ag an bhfógra seo trí chuairt a tabhairt ar Mhír an Chaighdeáin Uisce de www.water.ie agus Éirchód an áitribh a chur isteach nó trí ghlaoch a chur ar líne chabhrach um chúram chustaiméirí Uisce Éireann atá ar oscailt 24/7 ar an uimhir 1800 278 278. Tá léarscáil den cheantar leis seo agus tá sí ar fáil ar an mír 'seirbhís agus soláthar' den láithreán gréasáin water.ie

Deir Justin Doran, ó Uisce Éireann go bhfuil cathú air maidir leis an gcur isteach ar chustaiméirí atá buailte agus "Is í sláinte an phobail príomhthosaíocht Uisce Éireann agus ba maith linn custaiméirí a chur ar a suaimhneas go bhfuil gá le fógra sealadach agus na hoibreacha riachtanacha ar siúl chun an scagaire meán a athchur san ionad cóireála. Is oth linn aon chur isteach ar theaghlaigh agus ar ghnónna i gCinn Mhara, agus is mian linn custaiméirí a chur ar a suaimhneas go bhfuilimid ag obair go dícheallach chun na hoibreacha a chur i gcrích agus deireadh a chur leis an bhfógra seo a luaithe agus is féidir é a dhéanamh agus comh sábháilte agus is féidir é a dhéanamh." 

Tá caighdeáin uisce óil Uisce Éireann dian agus áirítear leo lamhálacha leathana sábháilteachta a thagann le rialacháin Uisce Óil an AE.  I gcás go n-aithneofar baol ar chaighdeán an uisce trí chlár feabhsaithe tástála agus monatóireachta Uisce Éireann, téitear i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus eisítear Fógraí 'Uisce a Fhiuchadh' ar mhaithe le sláinte an phobail a chosaint. I ngach uile chás gníomhaítear láithreach bonn chun dul i ngleic leis an bhfadhb ionas gur féidir críoch agus deireadh a chur leis an bhfógra a luaithe agus is féidir é agus a luaithe a bhíonn sé sábháilte é sin a dhéanamh, déantar é sin i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Faigheann custaiméirí leochaileacha, atá cláraithe le hUisce Éireann, cumarsáid go díreach ó Uisce Éireann maidir le Fógraí 'Uisce a Fhiuchadh'. Meabhraítear do chustaiméirí go bhfuil sé sábháilte an t-uisce a ól más rud é gur fiuchadh é ar dtús.

Ní foláir uisce a fhiuchadh:

  • Chun é a ól
  • Le haghaidh deochanna a dhéantar le huisce
  • Chun sailéid agus bianna comhchosúla a ullmhú, nach ndéantar iad a chócaráil sula n-itear iad;
  • Chun fiacla a scubadh;
  • Chun oighear a dhéanamh: Caith amach ciúbanna oighir i gcuisneoirí agus i reoiteoirí agus uisce scagtha i gcuisneoirí. Déan oighear as uisce fiuchta fuaraithe.

Cad iad na rúdaí is ceart a dhéanamh?

  • Úsáid uisce ullmhaithe má táthar chun an t-uisce a ól agus nuair atá bianna nach gcócarálfar á n-ullmhú (mar shampla; sailéid a ní);
  • Féadtar uisce a úsáid do shláinteachas pearsanta, folcthaí agus chun leithris a shruthlú agus ná húsáidfear é chun fiacla a scuabadh nó chun béal duine a fholcadh;
  • Cuir an t-uisce ar fiuchadh go dtí go mbeidh gal leanúnach uaidh (mar shampla le citeal uathoibríoch) agus lig dó fuarú ina dhiaidh sin. Clúdaigh agus stóráil i gcuisneoir nó in áit fhuar é. Níl sé sábháilte uisce ón sconna te a ól. Ní fhágfaidh scagairí uisce tí go bhfuil an t-uisce sábháilte lena ól;
  • Ba chóir a bheith cúramach agus tú ag folcadh páistí lena chinntiú nach slogfaidís an t-uisce folctha;
  • Foirmle do Naíonáin a hUllmhú: Nuair atá Fógra 'Uisce a Fhiuchadh' i bhfeidhm, is féidir   foirmle do naíonáin a hullmhú le huisce ón sconna a fiuchadh uair amháin (fiuchadh leanúnach ar feadh 1 nóiméad) agus ar ligeadh dó fuarú roimhré. Is féidir  foirmle do naíonáin a hullmhú le huisce buidéil. Rialaítear uisce i mbuidéal, seachas uisce mianraí nádúrtha ar an gcaighdeán céanna le huisce óil. Is fearr gan uisce i mbuidéal a bhfuil lipéad 'Uisce Mianra Nádúrtha' air a úsáid toisc go bhféadfadh leibhéil arda sóidiam (salann) agus mianraí eile a bheith ann, cé gurb annamh a bhíonn sé sin i gceist. Is féidir 'Uisce Mianra Nádúrtha' a úsáid mura bhfuil aon uisce eile ann, don tréimhse is lú ama is féidir; tá sé fíorthábhachtach go mbíonn a ndóthain le hól ag leanaí. Má úsáidtear uisce i mbuidéal chun  foirmle a dhéanamh do naíonáin ba chóir é a chur ar fiuchadh uair amháin (fiuchadh leanúnach ar feadh 1 nóiméad), agus lig dó fuarú mar is iondúil. Is féidir leas a bhaint as foirmle réidh-le-húsáid nár ghá a thuilleadh uisce a chur isteach ann.

Ní mór a bheith fíor-chúramach le huisce fiuchta chun dónna agus scalltaí a sheachaint toisc gur féidir le timpistí tarlú go héasca, go háirithe nuair a bhíonn leanaí i gceist.

Tá eolas chun dáta ar fáil ar an mír Eolas Chun Dáta maidir le Soláthar Uisce ar water.ie, ar Twitter @IWCare agus tríd ár líne chabhrach um churam na gcustaiméirí, atá ar oscailt 24/7 ag an uimhir 1800 278 278. 

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.