Fógra Uisce a Fhiuchadh do sholáthar Uisce Poiblí na Fainge/Inbhir na Sionnaine
Tá Uisce Éireann, Comhairle Cathrach Luimnigh agus Comhairle Contae Luimnigh ar an airdeall go bhféadfadh sé a bheith baolach an t-uisce ó Sholáthar Uisce Poiblí na Fainge / Inbhir na Sionnaine a ól toisc gur aimsíodh cripteaspóiridiam ann.
De thoradh sin agus ag eascairt as comhairliúchán le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte tá Fógra Uisce a Fhiúchadh, le feidhm láitheach bonn á éisiúint ag Uisce Éireann agus ag Comhairle Chontae Luimnigh chun sláinte thomhaltóirí a chosaint.
Baineann an fógra seo le gach uile thomhaltóir atá á soláthar ó Sholáthar Uisce Poiblí na Fainge/Inbhir na Sionnaine.
Caithfidh gach uile thomhaltóir buailte ag an bhfógra seo a gcuid uisce a fhiucadh sula n-ólfar é.
Tá léarscáil de Soláthar Uisce Poiblí na Fainge/ Inbhir na Sionnaine, ina bhfuil mionsonrú de na limistéir i gceist ar fáil ag www.water.ie.
Caithfear uisce a fhiuchadh (fiuchtar an t-uisce go fíochmhar ar feadh 1 nóiméad agus fuaraítear é ansin) d'fhonn:
- Uisce a ól
- Deochanna a ullmhú atá déanta le huisce
- Sailéid agus bianna eile nach gcócaráiltear a ullmhú sula n-itear iad
- Fiacla a scuabadh/ a chraosfholcadh
- Leac oighir a dhéanamh. Bí cinnte de go gcaitheann tú amach aon chiúbanna leac oighir atá i gcuisneoirí agus i reoiteoirí agus uisce scagtha i gcuisneoirí.
TÁBHACHTACH: Fiuchaigh an t-uisce trí é a thabhairt go dtí an pointe go mbeidh sé ar fiuchadh go fíochmhar agus lig dó fuarú. Clúdaigh é agus stóráil é sa chuisneoir nó in áit atá fuar. Níl uisce te a thagann ó sconna sa chistin nó ó dhoirtil sa seomra folctha sábháilte len'ól.
Ní ghá duit d'uisce a fhiuchadh sa chúinsí seo a leanas:
- Sláinteachas pearsanta, folcaí agus ceathanna
- Leithris a shruthlú
- Plandaí agus bláthanna a uisciú
Bí ar an airdeall:
- Nach bhfuil scagairí uisce tí leordhóthanach chun an t-uisce a dhéanamh in-ólta
- Nach n-ólfadh páistí an t-uisce folctha agus iad á ní san fholcadán
- Go gcaithfear amach ciúbanna leac oighir atá i gcuisneoirí agus i reoiteoirí agus go gcaithfear amach uisce scagtha atá i gcuisneoirí. Déan ciúbanna leac oighir le huisce atá fiuchta agus fuaraithe
- Má tá peataí agat agus má bhíonn imní ort faoin éifeacht a bheadh ag uisce ón soláthar poiblí orthu fad is atá an Fógra Uisce a Fhiuchadh i bhfeidhm; faigh comhairle ón tréidlia áitiúil
Uisce ullmhaithe amháin is ceart a úsáid sna cúinsí seo a leanas
- Nuair atá bianna á ullmhú nach gcócarálfar (mar shampla sailéid a ní agus a ullmhú)
- Bainne Foirmle do Naíonáin: Nuair a bhíonn Fógra Uisce a Fhiuchadh i bhfeidhm, is féidir leat bainne foirmle do naíonáin a ullmhú le huisce ón sconna ach é a fhiuchadh uair amháin (uisce a fhiuchadh go fíochmhar ar feadh nóiméad amháin) agus é a fhuarú roimhré. Is féidir uisce buidéil a úsáid chun bainne foirmle naíonáin a dhéanamh. Tá uisce buidéil (seachas uisce mianraí nádúrtha) faoi réir rialachán ar chomhchaighdéan le huisce óil. Is fearr gan uisce buidéil leis an lipéad 'Uisce Mianraí Nádúrtha' a úsáid toisc gur féidir ardleibhéil de shodiam (salann) agus mianraí eile a bheith ann cé nach minic a bhíonn sé sin i gceist. Is féidir 'Uisce Mianraí Nádúrtha' a úsáid sa chás nach bhfuil aon uisce eile ar fáil ach é a úsáid don tréimhse ama is lú, tá sé tábhachtach naíonáin a choiméad hiodráitithe.
- Má úsáidtear uisce buidéil chun bainne foirmle naíonáin a dhéanamh ba cheart é a fhiuchadh uair amháin, (fiuctha go fíochmhar ar feadh nóiméad amháin) agus fuaraithe sa ghnáthshlí. Is féidir bainne foirmle naíonáin réidh - le-húsáid nach gá uisce a chur leis a úsáid freisin.
Bí cúramach i gcónaí:
Ní mór a bheith fíor-chúramach le huisce fiuchta chun dónna agus scalltaí a sheachaint. Is féidir le timpistí tarlú go héasca, go háirithe nuair a bhíonn leanaí i gceist.