Skip to main content

Cáilíocht uisce

Fadhbanna maidir le huisce óil

Ba cheart go mbeadh d'uisce óil soiléir, éadathach, agus go mbeadh gnáthbholadh air gan aon athrú neamhghnách. Má tá boladh nó cuma difriúil ar d'uisce faigh cabhair anseo.

Seiceáil le haghaidh oibreacha áitiúla

Is féidir le hoibreacha ar an bpríomhlíonra uisce i do cheantar a bheith ina gcúis le fadhbanna gearrthéarmacha caighdeáin agus soláthair uisce. Seiceáil ár léarscáil Seirbhíse agus Soláthair le fáil amach má tá oibreacha ar siúl i do chomharsanacht.

An bhfuil uisce buacaire sábháilte le hól?

Tá d'uisce sábháilte le hól seachas sa chás go bhfuil ceann de na fógraí seo eisithe ag Uisce Éireann. Bí ar an eolas maidir le cad atá le déanamh má fhaigheann tú ceann.

 

Déan teagmháil linn

An bhfuil aon cheist agat maidir le cáilíocht d'uisce óil? glaoigh orainn ar 1800 278 278. Bíonn ár línte ar oscailt 24 uair sa lá, 7 lá sa tseachtain.