Uisce ar bith nó brú íseal
Bíonn roinnt cúiseanna ann le heaspa uisce nó le brú an-íseal sa soláthar uisce chuig do réadmhaoin.
D'fhéadfadh na leideanna thíos bheith ina gcuidiú leat chun a fháil amach cén fáth nach bhfuil uisce ar bith agat nó go bhfuil brú íseal sa soláthar uisce.
![](/sites/default/files/iw-images/help/wastewater/IW_refunds_03.jpg)
Oibreacha i do cheantar
Le linn oibreacha beartaithe d'fhéadfaí cur isteach ar do sholáthar uisce. Chun a sheiceáil má tá oibreacha ar siúl i do cheantar, tabhair cuairt ar ár leathanach faoi Nuashonruithe Soláthair Uisce nó tabhair cuairt ar Twitter at @IWCare.
![](/sites/default/files/iw-images/about/Man-gardening-close-up_2886.jpg)
Seiceáil leis na comharsana
Déan seiceáil le do chomharsana chun a fháil amach an bhfuil fadhbanna acu freisin. Má tá, d'fhéadfadh fadhb a bheith ann leis an bpríomhphíobán uisce poiblí. Mura bhfuil, is dócha go bhfuil fadhb ann le do phíopaí inmheánacha.
![](/sites/default/files/iw-images/help/water-quality/jacek-dylag-Vve7XkiUq_Y-unsplash.jpg)
Uisce ar bith ag teacht ón sconna fuar sa chistin
Mura bhfuil oibreacha ar bith ar siúl agus níl uisce ar bith agat ag teacht ón sconna uisce fhuair i do dhoirteal sa chistin, d'fhéadfadh fadhb a bheith ann leis an bpríomhphíobán uisce poiblí i do cheantar amhail píopa pléasctha atá ag dul i bhfeidhm ar do sholáthar uisce. Glaoigh ar 1800 278 278 agus déanfaimid iniúchadh.
![](/sites/default/files/iw-images/help/water-quality/imani-vDQ-e3RtaoE-unsplash.jpg)
Uisce ar bith ag teacht ón sconna te sa chistin
Má tá an sconna uisce fhuair sa doirteal i do chistin ag obair ach mura bhfuil an sconna uisce the nó na sconnaí sa doirteal i do sheomra folctha ag obair, ansin d'fhéadfadh aerbhac a bheith agat i do chuid pluiméireachta inmheánaí. Más é sin an cás tabhair cuairt ar ár leathanach faoi Aerbhaic. Más é an cás tar éis duit na céimeanna sin a athdhéanamh roinnt uaireanta agus níl uisce ar bith agat go fóill, beidh ort glaoch ar phluiméir.
![](/sites/default/files/iw-images/help/supply/burst-pipe-1.jpg)
Píopaí reoite nó píopaí pléasctha
Nuair a thiteann an teocht amuigh faoi nialas, d'fhéadfadh píopaí neamhchosanta agus sconnaí atá ag sileadh reo agus scoilteadh, rud a théann i bhfeidhm ar an soláthar uisce chuig do réadmhaoin.