Skip to main content

Gearán gnó a dhéanamh

Faigh amach conas teagmháil a dhéanamh linn chun gearán a dhéanamh.

Táimidne, Uisce Éireann, tiomanta don tseirbhís is airde caighdeán a chur ar fáil dár gcustaiméirí. Mar sin féin, tuigimid go mbíonn fadhbanna ann uaireanta. Déanfaimid ár míle dícheall chun d'fhadhb a réiteach chomh tapa agus is féidir. Má tá tú míshásta le cuid ar bith dár seirbhís, inis dúinn le do thoil. Déanfaimid ár míle dícheall an fhadhb a réiteach chomh héifeachtúil agus chomh cothrom agus is féidir.

Glacaimid le gearáin ó ghníomhaireacht aitheanta nó ó thríú páirtí má dheimhnítear go bhfuil siad ag gníomhú thar do cheann.

Má tá tuilleadh eolais uait faoin gcaoi a ndéileálaimid le gearáin, féach ár gCód Cleachtais maidir le déileáil le gearáin ó Chustaiméirí Teaghlaigh.

Conas a fhéadaim gearán a dhéanamh?

Tá 5 bhealach ann chun teagmháil a dhéanamh linn chun gearán a dhéanamh:

  • Trí ríomhphost: Is féidir leat do ghearán a sheoladh chugainn ar ríomhphost mar seo a leanas:
  • Gearáin ghinearálta: Seol ríomhphost chugainn ag customerservice@water.ie
    Gearáin faoi Sheirbhísí Uisce: Seol ríomhphost chugainn ag operations@water.ie
  • Ar an teileafón: Déan teagmháil lenár bhFoireann Tacaíochta Custaiméirí ar 0818 778 778
  • Tríd an bpost: Is féidir leat scríobh chugainn ag: Uisce Éireann, Bosca PO 860, Oifig Seachadta Dheisceart na Cathrach, Cathair Chorcaí
  • Twitter: Is féidir leat tvuít a sheoladh chugainn ag @IWCare
  • Glaonna téacs go teanga/ teanga go téacs: 1800 378 378 do chustaiméirí lagéisteachta (ba cheart d'úsáideoirí Minicom an uimhir seo a úsáid freisin).
 

Do ghearán a dhéanamh

Agus gearán á dhéanamh linn, cuir an fhaisnéis seo a leanas ar fáil le do thoil:

  • d'ainm
  • seoladh do réadmhaoine
  • Uimhir theileafóin;
  • eolas faoin eachtra nó faoin bhfadhb, lena n-áirítear:
  • dátaí (más cuí);
  • uimhreacha tagartha nó cuntais;
  • faisnéis nó cáipéisí, má cheapann tú go mbeidís ina chabhair againn maidir le do ghearán a thuiscint agus a fhiosrú tuilleadh
  • cad ba mhaith leat go ndéanfadh Uisce Éireann chun cúrsaí a chur ina gceart.

An bealach a dtabharfaimid freagra

Bíonn sé mar aidhm againn do ghearán a réiteach láithreach. Mura féidir linn é sin a dhéanamh, déanfaimidne nó déanfaidh ár gcomhairleoirí seirbhísí custaiméirí teagmháil leat laistigh de 5 lá oibre le réiteach nó le breac-chuntas ar na céimeanna is gá dúinn a dhéanamh chun do ghearán a réiteach ar bhealach sásúil faoi ghnáthchoinníollacha. Seolfaimid an t-eolas is déanaí chugat faoi do ghearán ar an 10ú lá oibre nó roimhe sin fiú, is é sin mura bhfuil sé réitithe cheana féin.

Déanaimid taifead ar gach gearán. Déanaimid taifead i gcónaí ar d'uimhir ghutháin, ar do chuid sonraí teagmhála agus ar achoimre ar do ghearán. Tabharfaidh ár gcomhairleoir seirbhísí custaiméirí uimhir thagartha duit.

Más gá cuairt a thabhairt ar an láithreán, déanfar socruithe ina leith sin laistigh de thréimhse ama réasúnta. Eiseoimid cinneadh deiridh faoi do ghearán laistigh de dhá mhí ón uair a rinne tú do ghearán, agus míneoimid na cúiseanna lenár gcinneadh. Ní mór duit plé linn le linn an fhiosrúcháin chun an toradh sin a bhaint amach

Má theastaíonn uait go ndéanfar tuilleadh fiosruithe

Mura bhfuil tú sásta lenár bhfreagra nó leis an mbealach ar déileáladh le do ghearán, is féidir leat a iarraidh go ndéileálfar leis an gcinneadh ag leibhéal níos airde agus go ndéanfar é a athbhreithniú. Más é sin atá uait, ní mór duit do ghearán a chur i scríbhinn chuig Uisce Éireann agus an seoladh seo a leanas air:

An Bainisteoir Seirbhísí Custaiméirí
Uisce Éireann
Bosca Poist 860
Oifig Seachadta na Cathrach Theas
Cathair Chorcaí


Ríomhphost: customerservice@water.ie

Déanfar an gearán a athbhreithniú agus tabharfar freagra air laistigh de 10 lá oibre (mura bhfuil gá le cuairt a thabhairt ar an láthair/oibreacha a dhéanamh ann agus, sna cásanna sin, cuirfimid in iúl duit cén fáth a bhféadfadh sé níos mó ama a thógáil agus déanfaimid achar ama dóchúil a chomhaontú leat) Mura bhfuil tú sásta fós, is féidir leat do fhreagra a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún um Rialáil Fóntais.

 

An Coimisiún um Rialáil Fóntais

Mura bhfuil tú sásta leis an dóigh ar déileáladh le do ghearáin, is féidir leat do ghearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Rialáil Fóntais (CRF). Is féidir leo cabhrú leat ach deis a thabhairt d'Uisce Éireann ar dtús an fhadhb a réiteach de réir ár nósanna imeachta maidir le déileáil le gearáin. Eiseoimid freagra ar do ghearán i scríbhinn ina n-inseoimid duit go bhfuil do ghearán dúnta againn agus tabharfaimid sonraí teagmhála Fhoireann Cúraim Custaiméirí CRF duit chun go ndéanfaidh siad athbhreithniú neamhspleách.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Rialáil Fóntas ag:

Foireann an Chúraim Custaiméirí
An Coimisiún um Rialáil Fóntais
Grain House
An Malartán

Cearnóg Belgard Thuaidh
Baile Átha Cliath 24, D24PXW0

Teileafón: 1800 404 404
Facs: (01) 4000 850
Ríomhphost: customercare@cru.ie
Suíomh Gréasáin: www.cru.ie/home/customer-care/water/

Má bhaineann do ghearán neamhréitithe le cáilíocht uisce nó le truailliú, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ag:

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil
Bosca PO 3000
Eastát Chaisleán Bhaile Sheáin
Loch Garman

Teileafón: (053) 916 0600
Suíomh Gréasán: www.epa.ie/enforcement/report

Glaoigh ar ár bhFoireann Cúraim Custaiméirí

1800 278 278 / Idirnáisiúnta +353 1 707 2828. Línte ar oscailt 24/7