Skip to main content

Conas uisce a chaomhnú i do ghnólach

Déan do chion maidir le soláthar uisce na hÉireann a chosaint agus déan costais ghnó a laghdú. Foghlaim conas is féidir leat difear a dhéanamh trí uisce a chaomhnú i do ghnólacht.

Is acmhainn ríthábhachtach é an t-uisce d'earnáil na tionsclaíochta agus na talmhaíochta. Ach níl ach méid teoranta de ann. Táimid anseo chun cabhrú leat uisce a chaomhnú agus athrú a mbeidh tionchar buan aige a dhéanamh.

50%
An méadú measta a thiocfaidh ar an éileamh domhanda ar uisce faoin mbliain 2030
40%
An céatadán d'uisce na hEorpa a úsáidtear in earnáil na tionsclaíochta agus na talmhaíochta
600%
An méadú atá tagtha ar an éileamh domhanda ar uisce le 100 bliain anuas
water-stewardship-quiz-(1)

Bain triail as ár dtráth na gceist ar mhaoirseacht uisce

step1-badge

Tabhair gealltanas uisce a chaomhnú

Déan an cinneadh athruithe a dhéanamh chun uisce a chaomhnú i do ghnólacht. Is féidir leat do ghealltanas a phostáil ar na meáin shóisialta chun a thaispeáint go bhfuil tú ag gníomhú.


Leideanna faoi chaomhnú uisce

Dá laghad iad na hathruithe, is cúnamh mór iad. Déantar ár dtimpeallacht a chosaint trí uisce a chaomhnú. Ach chomh maith leis sin, is slí é chun do bhillí a laghdú agus chun cur le do cháil. Foghlaim an chaoi le tosú agus faigh leideanna a bhaineann go sonrach le do thionscal.

Faigh maoiniú do do thionscadal caomhnaithe uisce

An bhfuil tú ag smaoineamh cheana féin ar thionscadal éigin a bheidh ina chabhair agat chun gearradh siar ar an méid uisce a úsáideann tú? Tá roghanna éagsúla ann chun maoiniú a fháil. Léigh mar gheall GreenStart agus GreenPlus ar líne chun tuilleadh eolais a fháil.

Bí i measc na ngnólachtaí uile a chríochnaigh ár gclár

Is iad seo na gnólachtaí is mó a bhfuil caomhnú uisce tábhachtach dóibh.

Dalata Hotel Group

Maoir Uisce dheimhnithe ón mbliain 2019

Read more Read more - opens in a new tab
Dublin Airport Authority

Maoir Uisce dheimhnithe ón mbliain 2020

Read more Read more - opens in a new tab
Intel

Maoir Uisce dheimhnithe ón mbliain 2021

Read more Read more - opens in a new tab
Wyeth Nutrition

Maoir Uisce dheimhnithe ón mbliain 2021

Read more Read more - opens in a new tab
Architectural & Metal Systems

Maoir Uisce dheimhnithe ón mbliain 2020

Read more Read more - opens in a new tab
Dublin City University

Maoir Uisce dheimhnithe ón mbliain 2019

Read more Read more - opens in a new tab

Bí i do Mhaor Uisce

Cláraigh do spéis sa chlár Maoirseachta Uisce.