Skip to main content

Tréimhse Fiosruithe Réamhcheangail

Tréimhse Fiosruithe Réamhcheangail

A luaithe agus a théann tú i dteagmháil linn maidir le ceangal nua nó modhnaithe is ea is fearr é maidir le a bheith in ann do chuid spriocanna ama a bhaint amach. Moltar go láidir duit imeacht i dteagmháil le hUisce Éireann le Fiosrú Réamhcheangail a luaithe sa tionscadal agus is féidir. Is féidir cumarsáid tosaigh a dhéanamh roimh aon iarratas le haghaidh cead pleanála a chur isteach don Údarás Pleanála cuí.

Tréimhse Fiosruithe Réamhcheangail

Is fearr cumarsáid a dhéanamh le hUisce Éireann le indéantacht ceangail a dheimhniú roimh dhearadh na bhforbairtí beartaithe nua agus lorg cead pleanála a thabhairt chun críche.

Deimhniú Indéantachta

Tar éis d'fhiosrú a mheas, inseoidh Uisce Éireann duit má tá ceangal indéanta go teicniúil. Cuirfimid Deimhniú Indéantachta ar fáil duit ar féidir a chuir isteach mar chuid don iarratas pleanála. Is é 16 seachtaine an meán-amlíne ó thréimhse fiosruithe réamhcheangail aighneachta go heisiúint Deimhniú Indéantachta.

Promhadh Dearadh

Baineann seo le forbairtí tithíochta amháin ar ghá bonneagar a ghlacadh faoina chúram. Is féidir Uisce Éireann obair i gcomhar leat chun promhadh a dhéanamh ar an mbonneagar áitiúil roimh an iarratas pleanála a thabhairt chun críche.

Forbairt Iarratais Pleanála

Tá tú freagrach as d'Iarratas Pleanála a chur i gcrích. Ní mór an Deimhniú Indéantachta eisithe ag Uisce Éireann a bheith mar chuid de, más cuí, sonraí maidir leis an mbonneagar profa lena n-áirítear Ráiteas Glactha Dearadh an dearaidh ó Uisce Éireann.

Tosaigh d'Fhiosrú Réamhcheangail

Tá Uisce Éireann freagrach as ceangail uisce agus fuíolluisce go tithe agus gnólachtaí ar fud na hÉireann. Táimid ag obair i gcomhar le hÚdaráis Áitiúla chun ceangal uisce a fháil a dhéanamh níos fusa.