Skip to main content

Táillí Ceangail

Chuir Uisce Éireann Beartas seasmhach um Tháillí Ceangail i bhfeidhm lena leagtar amach sraith chaighdeánach táillí ar cheangail le líonraí uisce agus fuíolluisce Uisce Éireann.

Caitheann an custaiméir costais agus táillí áirithe a íoc as ceangail a fháil, mar atá faofa ag an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) in Éirinn.

Chuir Uisce Éireann, dá bhrí sin, Beartas um Tháillí Ceangail i bhfeidhm. Is leis an mbeartas seo a leagtar amach sraith chaighdeánach táillí ar cheangail le líonraí uisce agus fuíolluisce Uisce Éireann. Is leis seo freisin a sholáthraítear creat aonair um tháillí ceangail atá soiléir, follasach agus cóir. Déantar na táillí a ríomh ar bhealach costas-léiritheach, bunaithe ar chineál an cheangail.

Bainfidh táillí caighdeánacha ceangail le formhór na gcustaiméirí agus cuirfidh Uisce Éireann seirbhís iomlán ceangail ar fáil chomh fada le teorainn an chustaiméara, agus ansin déanfaidh Uisce Éireann na hoibreacha ceangail ar fad.

Is féidir breathnú ar na táillí i bPlean Táillí Uisce Éireann agus ar shuíomh gréasáin CRF chomh maith.


Táillí Caighdeánacha Ceangail

Tá na táillí seo bunaithe ar pharaiméadair chaighdeánacha. D'fhéadfadh táillí breise a bheith i gceist má tá riachtanais de bhreis ar na paraiméadair chaighdeánacha ag teastáil. Féach an doiciméad Beartais um Tháillí Ceangail le haghaidh sonraí breise. Féach freisin samplaí atá ríofa cheana de tháillí ceangail a ghearrtar ar ghnáthcheangail.

* Gearrfar táille cheangail in aghaidh gach aonaid aonair i gcás iarratais ar cheangal a bhaineann le Forbairtí Cónaithe ilaonad agus le hárasáin ilaonad.

Uisce - Bonneagar Ceangail nach bhfuil níos faide ná 10 méadar ar fad

Catagóir Méid an Phíobáin Seirbhíse (mm) Táille Cheangail (€)
Ceangal Tí Singil (1 aonad) 25 2,272
Forbraíocht Tí (2 - 5 Aonad)* Ag brath ar líon na nAonad 2,272
Forbraíocht Tí (6-100 Aonad)* Ag brath ar líon na nAonad 1,848
Forbraíocht Tí (>100 Aonad)* Ag brath ar líon na nAonad 1,708
Ceangal Tráchtála Beag 1 25 2,272
Ceangal Tráchtála Beag 2 32 8,781
Ceangal Tráchtála Meánmhéide 1 50 19,371
Ceangal Tráchtála Meánmhéide 2 80 29,645
Ceangal Tráchtála Meánmhéide 3 100 46,179
Ceangal Tráchtála Meánmhéide 4 150 83,900
Ceangal Tráchtála Meánmhéide 5 200 149,692
Ceangal Tráchtála Mór 1 250 Ar féidir Luachan a thabhairt ina leith
Ceangal Tráchtála Mór 2 300 Ar féidir Luachan a thabhairt ina leith
Ceangal Tráchtála Mór 3 350 Ar féidir Luachan a thabhairt ina leith

Fuíolluisce - Bonneagar Ceangail nach bhfuil níos faide ná 10 méadar ar fad

Catagóir Méid an Phíobáin Seirbhíse (mm) Táille Cheangail (€)
Ceangal Tí Singil (1 aonad) 100 3,929
Forbraíocht Tí (2 - 5 Aonad)* Ag brath ar líon na nAonad 3,929
Forbraíocht Tí (6-100 Aonad)* Ag brath ar líon na nAonad 3,499
Forbraíocht Tí (>100 Aonad)* Ag brath ar líon na nAonad 3,381
Ceangal Tráchtála Beag 100 3,929
Ceangal Tráchtála Meánmhéide 1 150 23,344
Ceangal Tráchtála Meánmhéide 2 225 226,571
Ceangal Tráchtála Mór 1 300 Ar féidir Luachan a thabhairt ina leith
Ceangal Tráchtála Mór 2 375 Ar féidir Luachan a thabhairt ina leith
Ceangal Tráchtála Mór 3 450 Ar féidir Luachan a thabhairt ina leith

Tá na táillí ceangail seo bunaithe ar Bhonneagar Ceangail nach bhfuil níos faide ná 10 méadar ar fad. Má tá bonneagar breise ag teastáil, gearrfar táillí breise ar féidir luachan a thabhairt ina leith. Tá na táillí ceangail seo bunaithe freisin ar úsáid píobán domhantarraingthe, ach má úsáidtear píobáin neamh-dhomhantarraingthe d'fhéadfadh táillí breise a bheith i gceist. Féach an doiciméad Beartais um Tháillí Ceangail le haghaidh sonraí breise. Féach freisin samplaí atá ríofa cheana de tháillí ceangail a ghearrtar ar ghnáthcheangail.

* Gearrfar táille cheangail in aghaidh gach aonaid aonair i gcás iarratais ar cheangal a bhaineann le Forbairtí Cónaithe ilaonad agus le hárasáin ilaonad.
Féach ar ár leathanach CCanna le haghaidh eolas faoi iarratais a cuireadh isteach sular cuireadh an Beartas um Tháillí Ceangail i bhfeidhm.

Bonneagar Ceangail atá níos faide ná 10 méadar ar fad, ach níos giorra ná 15 mhéadar ar fad

Bonneagar um Cheangal le Seirbhísí

Táille in aghaidh an mhéadair (€)

Uisce (trastomhas píobáin 25mm)

358

Fuíolluisce (trastomhas píobáin 100mm)

442

Níos faide ná 15 mhéadar

Gearrfar na táillí seo a leanas i gcás aon Bhonneagar um Cheangal le Seirbhísí atá níos faide ná 15 mhéadar ar fad san iomlán:  

  • An Táille Chaighdeánach Cheangail (an costas a bhaineann le Bonneagar um Cheangal le Seirbhísí a chur ar fáil - bonneagar nach bhfuil níos faide ná 10m ar fad)
  • An Táille Chaighdeánach ar gach méadar breise de Bhonneagar um Cheangal le Seirbhísí (bonneagar atá níos faide ná 10 m ar fad, suas go 15 mhéadar ar a mhéad)
  • Táillí ar féidir Luachan a thabhairt ina leith maidir le gach méadar de Bhonneagar um Cheangal le Seirbhísí atá sa bhreis ar 15 mhéadar ar fad.

Urra i gcás Bonneagar Ceangail Féin-Leagtha

Ní bhaineann sé seo ach le Forbairtí Cónaithe amháin

Leagtar amach sa chomhaontú um Bonneagar Ceangail Féin-Leagtha a bhfuil i gceist leis an gcomhaontú conarthach idir an custaiméir agus Uisce Éireann maidir le soláthar seirbhísí. Foráiltear leis an gcomhaontú go dtabharfar an bonneagar um sheirbhísí uisce agus fuíolluisce a leag an custaiméir féin ar láimh d'Uisce Éireann, tar éis measúnú dearbhaithe cáilíochta a dhéanamh ar na hoibreacha Féin-Leagtha agus tar éis an bonneagar a bheith ceangailte le líonra(í) Uisce Éireann. Tá foráil ann d'urrús airgeadais a thabhairt d'Uisce Éireann (na Socruithe maidir le hUrrús Airgeadais i gcás Bonneagar Ceangail Féin-Leagtha) i gcásanna áirithe.

Is cuid den Bheartas um Tháillí Ceangail go n-íocfar urrús airgeadais in-aisíoctha in aghaidh gach aonaid i bhforbairt chónaithe ina raibh an bonneagar ceangail Féin-Leagtha. Déanfar leis seo, maolú ar an riosca go mbeidh lochtanna i sócmhainní agus maolú ar neamhchosaint ar riosca i gcásanna nach ndearnadh an obair i gceart. Bíonn sé seo i gceist má sholáthraíonn an custaiméir féin an bonneagar áitiúil agus má tá Comhaontú um Bonneagar Ceangail

Féin-Leagtha ann lena gcaitear an bonneagar a thabhairt ar láimh d'Uisce Éireann. Leagtar amach thíos an t-urra atá ag teastáil agus baineann sé seo le gach iarratas. Baineann an t-urra seo le gach aonad ar leith san iarratas.

Ceangal Caighdeánach le Réadmhaoin Chónaithe

Árasán agus Árasán Dhá Urlár

€1,125 in aghaidh an aonaid atá ar cheangal leis an líonra uisce agus fuíolluisce

€750 in aghaidh an aonaid atá ar cheangal leis an líonra uisce agus fuíolluisce

€562 in aghaidh an aonaid atá ar cheangal le ceann amháin de na seirbhísí sin

€375 in aghaidh an aonaid atá ar cheangal le ceann amháin de na seirbhísí sin

Chomh maith leis an neamhchosaint ar riosca atá leagtha amach thuas agus a bhaineann le bonneagar uisce agus fuíolluisce, baineann neamhchosaint bhreise ar riosca le stáisiúin chaidéalúcháin (agus le saoráidí bonneagair aonair eile) i bhforbairt. Tá an t-urrús airgeadais a bhaineann leis seo leagtha amach thíos:

  • Suas le 40% de chostas iomlán an stáisiúin caidéalúcháin nó an bhonneagair aonair thar an Tréimhse Dliteanais Lochtanna agus/nó
  • Suas le 100% den chostas bliantúil measta ar oibriú agus cothabháil na n-áiseanna seo thar an Tréimhse Dliteanais Lochtanna

Beidh an t-urrús airgeadais seo, an táille iomlán ar an gceangal agus cóip shínithe den chomhaontú ag teastáil sula dtosófar ar na hoibreacha ceangail. Nuair a bheidh deireadh tagtha leis an tréimhse dliteanais lochtanna déanfar an t-urra a scaoileadh i gcomhréir le Beartas Urrúis Airgeadais Uisce Éireann.

Socruithe Urrúis Airgeadais Uisce Éireann i leith bonneagair ceangail Féin-Leagtha

Is i Socruithe Urrúis Airgeadais Uisce Éireann i leith bonneagar ceangail Féin-Leagtha a leagtar amach na cineálacha urrúis airgeadais atá inghlactha.

Táillí Dícheangail agus Athcheangail

Gearrann Uisce Éireann táillí ar Dhícheangal ón Líonra agus ar Athcheangal leis, i gcomhréir leis an mBeartas Dícheangail agus Athcheangail atá faofa ag CRF. Tugtar na táillí seo sa tábla thíos:

Seirbhís  Laistigh/Lasmuigh de Ghnáthuaireanta Ar iarratas an Chustaiméara Mar gheall ar neamhíocaíocht (Custaiméirí Tráchtála) Táille ar Chuairt gan Toradh ar Láithreán
Dícheangal Sealadach Laistigh de Ghnáthuaireanta €140 N/A €140
  Lasmuigh de Ghnáthuaireanta €210 N/A €210
Athcheangal tar éis dícheangal sealadach Laistigh de Ghnáthuaireanta €140 €500  €140
  Lasmuigh de Ghnáthuaireanta €210 N/A €210