Skip to main content

Do chuntas

Bainistíonn Uisce Éireann gach gné de chuntais uisce gnó in Éirinn, lena n-áirítear billeáil.

Cláraigh le haghaidh cuntas ar líne

Nuair a bheidh cuntas ar líne M'Uisce agat, beidh tú in ann;

  • Iarmhéid do chuntais a sheiceáil
  • Breathnú ar do bhillí reatha agus roimhe seo
  • Do bhillí a íoc ar líne
  • Do chuntas a bhainistiú

A bhfuil ag teastáil uait chun clárú

Beidh do UTPU agus d'uimhir chuntais ag teastáil uait. Is féidir leat iad sin a fháil sa chúinne ag barr do bhille uisce ar dheis.

Conas is féidir leat clárú

Cuir glaoch ar ár bhFoireann Gnó ar 0818 778 778 / Idirnáisiúnta +353 1 707 2827. Línte ar oscailt ó Luan go hAoine, ó 9rn go 5:30in..

Do chuntas a uasdátú agus a bhainistiú

Má tá cuntas ar líne agat, is féidir leat síniú isteach chun;

  • sonraí do chuntais a uasdátú
  • breathnú ar do bhillí uisce agus íoc astu
  • nó iarmhéid do chuntais a sheiceáil

Bogadh go háitreabh eile

Má tá do ghnólacht ag aistriú go háitreabh eile nó as áitreabh, tá sé tábhachtach dul i dteagmháil linn. Ansin, beimid in ann cuntas nua a oscailt duit nó an cuntas atá agat cheana féin a uasdátú.

Sonraí a bheidh ag teastáil

  • Ainm
  • An seoladh a bhfuil tú ag bogadh isteach ann/amach as
  • Sonraí teagmhála gnó
  • Uimhir chuntais Uisce Éireann

Léamh méadair

Má tá méadar san áitreabh, tá léamh méadair ag teastáil uainn don dáta a bhfuil seirbhísí uisce le haistriú. Mura féidir leat an méadar a léamh, úsáidfimid léamh méadar measta chun do chuntas a oscailt, a uasdátú nó a dhúnadh.

Ceist a chur orainn

Déan teagmháil linn chun ceisteanna a chur orainn faoi do chuntas uisce gnó.