Skip to main content

Beartas Dícheangail agus Athcheangail

Is féidir iarratais a dhéanamh i dtaca leis an gceangal uisce nó fuíolluisce a fhreastalaíonn ar réadmhaoin, agus is féidir an t-iarratas sin a dhéanamh ar bhonn sealadach nó buan.

Ba cheart go ndéanfadh úinéir (duine nó eintiteas) na réadmhaoine Cónaithe/Tráchtála an fhoirm Iarratais a chomhlánú (nó ba cheart go ndéanfadh duine éigin eile é seo thar ceann an úinéara). Ná cuir ach sonraí a bhaineann le haon cheangal amháin ar an bhfoirm seo. Má theastaíonn uait iarratas a bhaineann le níos mó ná aon cheangal amháin a dhéanamh, iarrtar ort foirm iarratais ar leith a chomhlánú i leith gach aon cheann díobh le do thoil.

Déan cinnte de go gcomhlánaíonn tú gach cuid den fhoirm iarratais ina hiomláine. Ní dhéanfar foirm iarratais neamhiomlána a phróiseáil agus seolfar ar ais chugat iad.

Iarratas ar Dhícheangal ón líonra Uisce nó Fuíolluisce nó iarratas ar Athcheangal leis

 

Comhlánaigh an fhoirm thíos chun iarratas a dhéanamh ar Dhícheangal ón líonra uisce phoiblí agus/nó ón líonra fuíolluisce. Nó is féidir leat an fhoirm seo a íoslódáil agus é a sheoladh ansin chuig Uisce Éireann tríd an bpost.

Tabhair faoi deara gur gá na réimsí a bhfuil réiltín * taobh leo a líonadh isteach.


An bhfuil réadmhaoin chónaithe nó réadmhaoin tráchtála agat? *

Sonraí Cuntais don Réadmhaoin

Réadmhaoin Tráchtála
Réadmhaoin Chónaithe
 
Má tá iarratas á dhéanamh agat ar dhícheangal ón soláthar uisce, an bhfuil soláthar eile agat?
Mura bhfuil, ní cheadaítear dícheangal sealadach

An bhfuil tú chun réadmhaoin a leagan go talamh *
Tabhair faoi deara le do thoil nach gceadófar dícheangal buan

Sonraí an Iarratasóra

An tusa úinéir na réadmhaoine seo?
Beidh duine dár ngníomhairí i dteagmháil leat laistigh de 3 lá i dtaca le toiliú i scríbhinn ón úinéir.
Cineál an Iarratais

Please choose the appropriate option

Is gnách go mbaintear an méadar amach, ach go bhfágtar na píopaí idir an príomhlíonra uisce agus buacaire Uisce Éireann mar a bhfuil siad. Ní cheadaítear an méadar uisce a bhaint amach i gcásanna áirithe.

I gcás dícheangal sealadach ar cheangal fuíolluisce, déanfar ceangal seirbhíse na réadmhaoine a bhlocáil go hinmheánach chun cosc a chur ar aon sceitheadh isteach sa phríomhshéarach poiblí.

Tá táillí Dícheangail agus Athcheangail i gceist agus caitear íoc astu sula ndéantar aon oibreacha. Tá breis eolais faoi na táillí a bhaineann leat foilsithe ar ár suíomh gréasáin.

Tar éis ceangal uisce a dhícheangal, forchoimeádann Uisce Éireann an ceart chun scrúdú a dhéanamh air ó am go chéile chun a chinntiú nach bhfuil an soláthar in úsáid. Cuir spriocdháta le haghaidh Athcheangail ar fáil le do thoil. Ní mór an dáta seo a bheith laistigh de dhá bhliain , nó seans go mbeidh ort athiarratas a dhéanamh ar Cheangal Nua.

Déanfar na píopaí idir an príomhphíobán uisce agus buacaire Uisce Éireann, chomh maith leis an mbuacaire féin, an méadar féin agus gach comhpháirt den mhéadar sin, a bhaint amach. I gcás dícheangal buan ar cheangal fuíolluisce, déanfar an ceangal seirbhíse leis an réadmhaoin a bhaint amach ón séarach poiblí agus déanfar an píobán séarachais phoiblí a shéalú go hiomlán ag an suíomh seo.

D'fhéadfadh oibreacha tochailte a bheith i gceist le dícheangail bhuana. Sa chás go bhfuil gá le hoibreacha den sórt sin laistigh de chúirtealáiste na réadmhaoine, agus na hoibreacha athchuir, athdhromchlaithe agus slánaithe á ndéanamh, déanfaidh Uisce Éireann athchur, athdhromchlú agus slánú, a mhéid is réasúnach, ar bhonn iontamhla.

Ní féidir a chinntiú, áfach, go mbeidh an chuma chéanna ar an dromchla tar éis na n-oibreacha athchuir, athdhromchlaithe agus slánaithe agus a bhí air sula ndearnadh na hoibreacha, agus ní dhéanfaidh Uisce Éireann aon dromchla a athchur, a athdhromchlú nó a shlánú ach amháin an dromchla a tochlaíodh go díreach mar chuid de na hoibreacha sin. Má theastaíonn uait an tseirbhís a cheangal arís, caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar cheangal nua. Tá eolas ar fáil anseo faoin mbealach le hiarratas a dhéanamh ar cheangal nua.

Déan teagmháil linn le do thoil 3 seachtaine roimh do dháta athcheangail atá beartaithe chun cabhrú linn do línte ama a chomhlíonadh.


Amlíne a Iarrtar le haghaidh Dícheangail

Tá sé de fhreagracht ar an iarratasóir a dheimhniú go bhfuil an fhaisnéis sa chuid seo iomlán agus cruinn.

Déan cur síos ar an amlíne le haghaidh dícheangail le do thoil

Sonraí an Cheangail

Tá sé de fhreagracht ar an iarratasóir a dheimhniú go bhfuil an fhaisnéis sa chuid seo iomlán agus cruinn.

Cineál an cheangail: *

Ní cheadófar an cineál sealadach de dhícheangal i gcás Fuíolluisce amháin.

An bhfuil an ceangal roinnte le haon réadmhaoin nó sealúchais eile?* *

Dearbhú

Nochtadh eolais: Sonraíonn Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007, arna leasú, go bhfuil sé de cheart ag gach duine rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin gcomhshaol atá i seilbh údarás poiblí (faoi réir díolúintí áirithe). Cuireann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 arna leasú ar chumas baill den phobal rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh comhlachtaí poiblí (faoi réir díolúintí áirithe). Ceanglaítear ar an Iarratasóir gach faisnéis a sheol sé/sí isteach leis an Iarratas agus a ndéileálfar léi mar fhaisnéis rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a shainaithint, agus ceanglaítear air/uirthi na forais ar a bhféadfar an fhaisnéis seo a chatagóiriú mar sin a shainaithint. Déanfaidh Uisce Éireann, dá rogha féin, an cinneadh deiridh maidir le pé acu an bhfuil aon ghné den Iarratas le meas mar ghné rúnda nó mar ghné atá íogair ó thaobh tráchtála de nó nach bhfuil.

Déileálfar le haon sonraí pearsanta a chuireann tú ar fáil i gcomhréir le riachtanais RGCS. Féach ar ár bhfógra príobháideachais le do thoil chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an mbealach a ndéanann Uisce Éireann do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir leis an gcúis atá leis seo.