Skip to main content

Ár Sruthanna Clár Tallainne Céimí

Cad atá i ndán duit le do ghairm?

Ní raibh sé riamh chomh sceitimíneach a bheith páirteach in Uisce Éireann., is eagraíocht sinn atá ag fás agus táimid ag lorg céimithe uaillmhianacha agus a bhfuil tallann acu ó gach disciplín teacht ag obair linn i seirbhísí uisce a thrasfhoirmiú in Éirinn.

Le haghaidh 2024, táimid ag earcú trasna 8 sruth, a chlúdaíonn gach cuid den eagraíocht. Beidh sealaíocht go foirne difriúla i gceist le gach sruth rud a ligfidh duit deis ar leith a fháil a bheith ag obair ar thionscadail éagsúla agus taithí le réimse páirtithe leasmhara.

Is cuma cén deis a roghnaíonn tú, beidh tú rannpháirteach inár gconair foghlama céimí saincheaptha 'Ollscoil Uisce,' a thabharfaidh tacaíocht don bhforbairt leanúnach mar cheannasaí Uisce Éireann amach anseo. Tá tacaíocht airgeadais agus praiticiúil do cháilíochtaí gairmiúla ábhartha mar chuid de roinnt sruthanna freisin. Tá gach sruth dhá bhliain i bhfad seachas Airgeadas atá trí bliana go leith i bhfad. Beidh roinnt róil bhuana le hUisce Éireann ar fáil ag deireadh an Chláir.

Aimsigh an rud a oireann duitse

Cliceáil ar gach bosca chun a thuilleadh a fhoghlaim maidir leis na deiseanna a chuirtear ar fáil agus aimsigh an ceann a bhfuil in oiriúint duit.

Réidh le cur isteach?

Déan iarratas trí do CV a sheoladh chuig careers@water.ie faoin 6 Samhain, 2023, cur isteach teideal an tsrutha a bhfuil tú ag cur isteach air i líne an ábhair. Chomh maith leis sin, tabhair freagra ar na ceisteanna seo a leanas i do ríomhphost:

  1. An bhfuil an ceart dlíthiúil agat chun oibriú in Éirinn do thréimhse an chláir ar a bhfuil tú ag déanamh iarratais? Má tá víosa ag teastáil uait le haghaidh thréimhse an chláir, deimhnigh cineál an víosa a bhfuil sé ar intinn agat iarratas a dhéanamh air.
  2. An bhfuil spéis agat in aon sruthanna eile seachas an ról a bhfuil iarratas déanta agat air? Má tá, cur in iúl cén sruthanna eile a mbeadh spéis agat iontu.

Táimid ag súil le cloisteáil uait!

Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann atá tiomanta d'ionad oibre éagsúil cuimsitheach a chur ar fáil le straitéis agus le creat láidir chun é seo a chumasú agus trínár bpróiseas earcaíochta cuirimid fáilte roimh agus iarratais ó dhaoine aonair, agus spreagaimid a leithéid d'iarratais, a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó ar bhunús eitneach, ar bhall den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar chlaonadh gnéasach/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.

Déan Iarratas Anois

Má tá tú ag iarraidh a bheith rannpháirteach sa chlár iontach seo, sheol do CV chuig careers@water.ie faoin 6 Samhain, 2023, cur isteach teideal an tsrutha a bhfuil tú ag cur isteach air i líne an ábhair.