Skip to main content

Tá tionscadal Bhaile Átha an Rí ar luach trí mhilliún déag euro geall le bheith i gcrích

Information below is relevant until further updates are provided here or on our Supply and Service Updates section.

Tá an tionscadal fíorshuntasach seo d'fhonn ollchóiriú a dhéanamh ar bhonneagar fuíolluisce Bhaile Átha an Rí geall le bheith i gcrích anois.

Cuirfidh an tUasghrádú ar Líonra Scéim Séarchais Bhaile Átha an Rí, ar luach trí mhilliún déag euro, atá le bheith i gcrích faoin bhFómhar, raidhse buntáistí ar fáil don phobal áitiúil.

Agus aghaidh aige ar an sprioc, dúirt Colm Claffey, Bainisteoir na gClár, ó Uisce Éireann, go rachaidh an tionscadal i ngleic le forsceitheadh neamhchomhlíontach isteach go hAbhainn an Chláirín, le sceitheadh séarachais sa bhaile, agus san am céanna feabhsóidh an tionscadal an acmhainn iomlán agus éifeachtúlacht oibriúcháin córais séarachais an bhaile.

"Freastalóidh an bonneagar fuíolluisce nua seo ar riachtanais tithe agus gnónna, agus beidh acmhainn go leor ann chun freastal ar fhás agus ar fhorbairt Bhaile Átha an Rí san am i láthair agus sa todhchaí" a dúirt sé.

Tá dul chun cinn suntasach agus uasghrádú fairsing déanta thar cheithre chiliméadar de phíoblíne thar phríomhláthair i mBaile Átha an Rí, lena n-áirítear L3103 (Bóthar Choill an Ráithin), Gort Mhaoilir, Lána na Cúirte, Bóthar Caheroyne, agus Sráid an Droichid i measc cinn eile.

Tá na hoibreacha uile i gcrích, seachas an buandromchla bóthair a chur síos. Cuirfear na hoibreacha seo i gcrích i rith an tSamhraidh chun aon chur isteach ar dhaoine a mhaolú.

Fágann an tionscadal bunriachtanach seo go bhfuil cuíchóiriú á dhéanamh ar bhailiú agus ar iompar séarachais - d'fhonn é a chóireáil, agus cinntíonn an tionscadal go bhfuiltear ag teacht leis na caighdeáin chomhshaoil. De bhreis ar sin, tógadh, coimisiúnaíodh agus nascadh an stáisiún caidealúcháin úrnua ag Páirc na hAbhann leis an ionad cóireála fuíolluisce atá an cheana féin.

Is é an comhlacht Coffey Construction Ltd atá i mbun na hoibre thar ceann Uisce Éireann agus leanfaimid orainn ag cur eolas chun dáta ar fáil do phobal Bhaile Átha an Rí de réir mar a dhruidfidh an tionscadal seo chun deiridh.

Chun a thuilleadh eolais a fháil maidir leis an tionscadal seo, tabhair cuairt le do thoil ar ár leathanach tionscadail um Uasghrádú Líonra ar Scéim Séarachais Bhaile Átha an Rí.

Tá Uisce Éireann freagrach as uisce óil phoiblí a chur ar fáil mar aon le seirbhísí fuíolluisce a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann. Táimid tiomanta do; phobail a chumasú chun bláthú a dhéanamh, trí uasghrádú agus forbairt leanúnach a dhéanamh ar bhonneagar bunriachtanach d'fhonn tacú le fás agus le forbairt agus uisce óil sábháilte á chur ar fáil mar aon le feabhas a chur ar an gcomhshaol.

Get in touch

Follow us on social media or a give us a call.